Hugo Pratt
I Rimini san Iodáil a rugadh an t-úrscéalaí grafach Hugo Pratt. Chaith sé a shaol idir an Veinéis, an Airgintín, an Fhrainc, agus an Eilvéis. Is é an tsraith Corto Maltese an tsraith is iomráití dá chuid, tá breis agus fiche leabhar scríofa aige sa tsraith sin, iad aistrithe in iliomad teangacha.
Corto Maltese agus Il Sergente Kirk
Cuireadh tús leis an tsraith le Port na Farraige Goirt (Una ballata del mare salato), sa chéad eagrán den mhíosachán Il Sergente Kirk i mí Iúil. I 1970, chuaigh Pratt chun cónaithe sa Fhrainc agus thosaigh ag obair ar shraith scéalta gearra Corto Maltese don iris Franca-Bheilgeach Pif Gadget.
La casa dorata di Samarcanda
I 1974 d’fhill Hugo Pratt ar na scéalta fada. Agus cosúil le Hugo féin ba thaistealaí mór Corto Maltese. Chuir sé Corto i 1918 go dtí an tSibéir sa scéal Corte sconta detta arcana (Corto Maltese sa tSibéir), a foilsíodh i bhfoirm sraithe ar dtús san iris Linus; agus i 1980 chuir sé Corto ar thuras trasna na hÁise in La casa dorata di Samarcanda (An Teach Órga i Samarkand).

-
An Buille Scoir
Hugo Pratt€7.50Úrscéal grafach sa tsraith 'Corto Maltese'. 1918, tá Corn na hAfraice faoi cheannas Shasana. Nuair a roinneann an Captaen Bradt, ó na King's African Rifles, rún uafásach le...
-
An Teach Órga i Samarkand
Hugo Pratt€12.00Úrscéal ghrafach do dhéagóirí agus léitheoirí fásta. 1921: Fágann Corto Maltese oileán Ródas sa Mheánmhuir le dul ar lorg ór na Peirse, órchiste a chuir Alastar Mór na...
-
Corto sa tSibéir
Hugo Pratt€12.001918: Fágann Corto Maltese Hong Cong le dul ar lorg órchiste an Tsáir. Ar a bhealach trasna na Mongóile agus na Sibéire, in éineacht lena sheanchomrádaí, Raspúitín, cuirtear...
-
In Ainm Dé Uilethrócairigh
Hugo Pratt€7.50Úrscéal grafach sa tsraith 'Corto Maltese'. 1916, cabhraíonn Corto leis an mbeidiúnach El Oxford an prionsa óg Saoud a shaoradh ó phríosún i lár an fhásaigh in Éimin,...
-
Na Liopard-Fhir ó Rufiji
Hugo Pratt€7.50Úrscéal graifice sa tsraith 'Corto Maltese'. Oirthear na hAfraice 1918, in abhantracht an Rufiji, cuireann an Leifteanant Tenton agus an Captaen Mac Griogair, ó arm Shasana, fáilte roimh...
-
Port na Farraige Goirt
Hugo Pratt€9.00Úrscéal grafach do dhéagóirí agus léitheoirí fásta: 1914, in áit éigin in iardheisceart an Aigéin Chiúin, tagann bád seoil an Chaptaein Raspúitín ar fhear ceangailte de rafta atá...
-
Tóraíocht Eile
Hugo Pratt€7.50Úrscéal graifice sa tsraith 'Corto Maltese'. Tá Corto agus an gaiscíoch Cuis ag taisteal san Aibisín, i gCorn na hAfraice. Tugann siad cuairt ar mhuintir Chuis, agus cloiseann...