Jean-Claude Izzo
File, scríbhneoir agus iriseoir Marseilleach ab ea an t-údar Jean-Claude Izzo. Chomh maith le Kíor Thuathail (Total Khéops), ar a shaothar tá na húrscéalta Chourmo agus Solea. Rinneadh sraith teilifíse dá úrscéal Kíor Thuathail in 2001, agus rinneadh scannán de in 2002. Cailleadh é sa bhliain 2000. Foilseofar an dara leabhar sa tsraith, Chourmo, in 2021.
“Tá obair mhór déanta ag Bernadette Nic an tSaoir. Éiríonn léi leabhar beo a chur roimh an léitheoir. Ní mhúchann sí glór an údair ach cuireann ag caint i nGaeilge é agus caitheann sí roinnt focal Fraincise leis an léitheoir anois agus arís leis an chomhthéacs a shaibhriú….. Léitheoireacht den scoth.” Pól Ó Muirí, The Irish Times.
Grá agus Gruaim faoi Ghrian na Mánmhara
“Is féidir an ghrian a mhothú ar do chraiceann, an sáile a bhlaiseadh. Agus an biotáille, an miangas, an dóchas is éadóchas. Grá agus gruaim. Scéinséir lán castaí is corranna.” — Smaointe Fánacha Aonghasa
Foilseofar Chourmo i bhfómhar na bliana 2021.
