Máire Mhac an tSaoi
Scoláire, agus duine de mhórfhilí na Nua-Ghaeilge í Máire Mhac an tSaoi.
Ar a saothar tá na cnuasaigh filíochta Codladh an Ghaiscígh (1956), Margadh na Saoire agus Véarsaí Eile (1973), Shoa agus Dánta Eile (1999) chomh maith leis an saothar taighde Dhá Scéal Artúraíochta (1946), an t-úrscéal gearr A Bhean Óg Ón (2001) agus a dírbheatháisnéis The Same Age as the State (2003). Chaith sí tréimhse freisin ar fhoireann an English-Irish Dictionary faoin Ollamh Tomás de Bhaldraithe.
Ag cur síos dó ar a dírbheatháisnéis bhí an méid seo le rá ag an bhfile Seamus Heaney: “There is truth to experience here, a forthrightness about passion and transgression that is thrilling and exemplary.”
Ceapadh ina hOllamh Oinigh le Léann na hÉireann in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, í sa bhliain 2005.
Tuilleadh…

-
Cérbh í Meg Russell?
Máire Mhac an tSaoi€15.00A view of the life and times of Pearse Ferriter, and especially the part played by Richard Boyle, the Earl of Cork. A new work by one of...
-
Marbhnaí Duino
Rainer Maria Rilke & Máire Mhac an tSaoi€15.00Tá aistritheoir a dhiongbhála aimsithe ag Rilke i Máire Mhac an tSaoi. Ní hamháin go léiríonn sí acmhainn agus uaillmhian an bhundáin Ghearmáinise, baineann sé geit chomh maith...
-
Scéal Ghearóid Iarla
Máire Mhac an tSaoi€16.00Buaiteoir Ghradam Ui Shúilleabháin 2011. Taoiseach Normannach, file Gaelach, agus leasrí Shasana in Éirinn ab ea Gearóid Iarla, mar a thug na Gaeil ar Ghearóid Mac Gearailt, 3ú...