1 Item

Máire Ní Ghallchobhair

Scríbhneoir leabhar do pháistí agus múinteoir bunscoile í Máire Ní Ghallchobhair.

Chomh maith le ceithre leabhar faoin gcailín beag ábhailleach Lúsaí agus a cuid cairde scoile, tá leabhair oideachasúla scríofa aici, agus bhí sí ar dhuine de na húdair a scríobh na leabhair sa tsraith don chúrsa Gaeilge bunscoile ‘Séideán Sí’.

Tá Máire ag obair faoi láthair ar shraith úrnua leabhar faoin rógaire beag Jeaic agus a mhadra beag draíochta! Tá cónaí ar Mháire i mBaile Átha Cliath.

Sé leabhar ar fad atá sa tsraith Lúsaí, lán le greann agus spraoi do léitheoirí óga.