1 Item

Máire Uí Dhufaigh

Rugadh agus tógadh Máire Uí Dhufaigh (Ní Chonghaile) in Inis Oírr i gCuan na Gaillimhe. Tá blianta caite aici i mbun múinteoireachta, agus bhí sí ina comhordaitheoir ar an tionscadal a chuir an pacáiste teagaisc Séideán Sí ar fáil do bhunscoileanna atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge.

Duais-bhuaiteoir Oireachtais í Máire agus tá dhá leabhar ficsin scríofa aici sa tsraith ‘Oileán na Leice’, na húrscéalta An Garda Cósta agus Raic, agus tá sí ag obair ar an tríú leabhar sa tsraith, Rún na Leice.

picture