1 Item

Marc Cantin

Is i Lamballe sa Bhriotáin, sa bhliain 1967, a rugadh an scríbhneoir Francach seo. Tá sé ag obair go lánaimseartha mar scríbhneoir do léitheoirí óga ón mbliain 1996 i leith. Chomh maith le leabhair, tá coimicí agus drámaí do sheónna puipéad scríofa aige. Scríobhann sé don teilifís chomh maith. I mBogotá sa Cholóim atá cónaí anois air.