Micheál Ó Cuaig

File agus amhránaí é Micheál Ó Cuaig. In Aill na Brún, Cill Chiaráin, Conamara, a rugadh é sa bhliain 1950. Bhain sé clú amach mar fhile lena chéad chnuasach, Uchtóga, i 1985, agus d’fhoilsigh sé an dara cnuasach filíochta ó shin, Clocha Reatha. Tá clú nach beag air mar amhránaí sean-nóis freisin, agus eisean atá i mbun Chomóradh Joe Éinniú, féile sean-nóis a reachtáiltear i gCarna gach bliain.