Nessa Ní Sheaghdha

I­ mBaile ­Átha­ Cliath ­sa ­bhliain 1916 ­a­ saolaíodh ­Nessa­ Ní Shéaghdha. Ba ­sa­ Choláiste Ollscoile,­ Baile­ Atha­ Cliath,­ a fuair ­sí­ oideachas.­ Shaothraigh sí­ an ­léann­ ansin­ agus ­i­ Scoil an­ Léinn­ Cheiltigh,­ Institiúid Ard-Léinn­ Bhaile­ Átha­ Cliath, agus­ bhain ­cáil­ nach­ beag amach­ mar ­scoláire.­ Bhí­ sí pósta le ­David Doran.­ Ba ­sa bhliain­ 1993­ a ­cailleadh­ í.

Is í a chuir Agallamh na Seanórach in eagar (trí imleabhar, 1942-45). Ag tagairt don Agallamh dó is é a dúirt an tOllamh Máirtín Ó Murchú gur ‘léirigh an saothar sin go háirithe an tsith a bhí inti mar scoláire, an cumas a bhí inti leanúint don obair gan staonadh dá imigéiniúla an cuspóir; cumas riachtanach má tá an bhunobair atá fós de dhíth go mór orainn le cur i gcrích in aon chor; cumas nach bhfuil ar fáil go forleathan.’

‘Scoláire cumasach ó thús a bhí inti,’ arsa an tOllamh Ó Murchú, ‘scoláire nár lig don éagóir phearsanta, ná don leathcheal, í a chlaonadh riamh óna gairm . . . Maidir le comharthaí gradaim, ní raibh aon chaitheamh ina ndiaidh aici. Ach ar a shon sin, bhí teanntás gairmiúil inti mar scoláire: bhí sí deimhnitheach i gcónaí dá cuspóir, feasach faoi chaighdeáin, agus ar a soiléireacht faoina réimse cumais.’

Ag tagairt don Tóraiócht dó, dúirt an tOllamh Pádraig Ó Macháin, gurb í ‘ba mhó a scrúdaigh agus a scag an scéal, agus a chuir leagan de ar fáil don bpobal agus don lucht léinn araon sa bhfichiú haois. Is go mall agus do réir a chéile athá sé ag rith le daoine inniubh chomh mór fé chomaoin is atháimíd ag Nessa agus ag an saothar go léir a d’fhág sí ina diaidh. I leataoibh ó shaothar mór fianaíochta eile ar chuir sí eagar air – Agallamh na Seanórach – is ea a d’oibrigh sí ar a heagrán de Tóraíocht Dhiarmada agus Gráinne.’

picture