Fionn mac Cumhaill

Fadó, nuair a bhí cúirt ag Ardrí Éireann i dTeamhair, bhí buíon fear ag an Ardrí ar a tugadh an Fhiann. Fir bhreátha láidre iad a choinnigh síocháin sa tír dó. Ba é Fionn mac Cumhaill an ceannaire a bhí ar an bhFiann.

Trí leabhar atá sa tsraith nua Fionn do léitheoirí óga 8-10 mbliana. Athinsint do Ghaeil óga atá sa tsraith seo, leis an údar agus ealaíontóir Darach Ó Scolaí, ar sheanscéalta móra na Féinne. Ar na leabhair eile a bheidh sa tsraith tá ‘An Giolla Deacair’, ‘Sí Chuilinn’ agus ‘Bran agus Sceolán’.

picture