Clasaicí Beaga Bídeacha
Cnuasach de mhórleabhair na hEorpa agus iad giortaithe is maisithe do léitheoirí óga atá sa bhailiúchán ‘Clasaicí Beaga Bídeacha’. Pictiúrleabhar lándaite atá i ngach leabhair díobh agus iad oiriúnach le léamh os ard do pháistí sa bhaile nó sa rang, nó le léamh go neamhspleách ag léitheoirí óga. Ar na leabhair sa bhailiúchán tá An Odaisé, Romeo agus Juliet, Frankenstein, Oileán an Órchiste, Don Cíochótae, agus Camchuairt Ghuilivéir.

-
An Odaisé
Hóiméar€7.50Os cionn dhá mhíle bliain ó shin bhí an gaiscíoch iontach Uiliséas ag troid i gCogadh na Traí. Nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh uafásach sin, b’éigeann...
-
Camchuairt Ghuilivéir
Jonathan Swift€7.50Tar éis briseadh loinge, caitear Guilivéar i dtír ar oileán lán le firíní beaga. Ach nuair a théann na firíní beaga i gcleachta ar mhéid ollmhór Ghuilivéir, iarrann...
-
Don Cíochótae
Miguel de Cervantes€7.50Seanfhear é Don Cíochótae atá tugtha don seansaol. Tá an oiread leabhar faoi ridirí léite aige go gceapann sé gur ridire é féin. Téann sé féin agus a...
-
Frankenstein
Mary W. Shelley€7.50Tá an t-eolaí Victor Frankenstein ag iarraidh teacht ar rún na beatha. Cruthaíonn sé fathach mór gránna, ach cuireann an fathach sin scanradh chomh mór sin air go...
-
Oileán an Órchiste (Beag)
Robert Louis Stevenson€7.50Tagann Jim Hawkins ar mhapa d’oileán a bhfuil órchiste i bhfolach ann. Téann Jim agus a chairde chun farraige ar thóir an órchiste— ach tá buíon uafásach foghlaithe...
-
Romeo agus Juliet
William Shakespeare€7.50Sa phictiúrleabhar gleoite seo sa tsraith ‘Clasaicí Beaga Bídeacha’ déantar athinsint do pháistí ar cheann de chlasaicí móra na hEorpa. Fadó, i Verona na hIodáile a mhair Romeo...