Paul Thiés

I Strasbourg i 1958 a rugadh Paul Thiès. Chaith sé a óige i Maidrid, i mBuenos Aires agus i dTóició, agus níor chuir sé faoi sa Fhrainc go raibh 17 bliana slánaithe aige. Taistealaí mór é. Tá na seacht bhfarraige agus na cúig mhuir seolta aige. Tá taisteal déanta aige ar ghaileon Airgintíneach, ar charbhal Spáinneach, ar shiunc Seapáineach, ar shiaganda Veiniséalach, agus ar ghaileon órga Mheicsiceach — gan trácht ar bháidíní pléisiúir na Seine i bPáras, ná ar thrálaeir na Briotáine. Saineolaí é ar fhoghlaithe mara, ar mhairnéalaigh, ar bhráithreachas an chósta, agus go deimhin ar fhánaithe de gach uile chineál.

Is i gcomhar leis an ealaíóntóir ildánach as Maracó, Louis Alloing, a rinne Paul Thiés an tsraith Cleite. Is i bPáras na Fraince atá cónaí ar an ealaíontóir anois.