Orianne Lallemand

Sa Fhrainc, in 1972, a rugadh Orianne Lallemand. tá cónaí uirthi féin is a fear céile is a ceathrar páistí in Dinard sa Bhriotáin. Nuair nach mbíonn sí ag scríobh, bíonn sí ag obair le páistí sna scoileanna agus sna leabharlanna. Tá leabhair foilsithe aici leis na foilsitheoirí móra Beilgacha agus Francacha, Casterman, Gautier-Languereau, Auzou agus Père Castor.