1 Item

Peadar Ó Cualáin

Cosúil leis an ngruagach féin, is duine an-rúnda an scríbhneoir. I gcathair Chorcaí a tógadh é, agus is i seansráideanna na cathrach sin atá a chroí i gcónaí.

Is faoi Mhártan, buachaill aonarach atá ina chónaí lena Mhama ar Shráid an Iarla, atá na trí leabhar sa tsraith. Buachaill beag fiosrach é Mártan, agus is minic go bhfeiceann sé agus go gcloiseann sé rudaí nach mbaineann dó – rudaí a bhaineann le saol na ndaoine fásta. Is minic, freisin, é i dtrioblóid mar gheall air seo.

Úrscéalta lán le mistéir na seansráideanna agus le draíocht na hóige atá sa tsraith ‘Sráid an Iarla’, agus iad scríofa i nGaeilge bhreá shimplí an Iarthair, feilúnach do léitheoirí os cionn naoi mbliana d’aois.