Radvan Markus

Is léachtóir le Gaeilge agus le Léann na hÉireann é Radvan Markus in Ollscoil Shéarlais i bPrág. Scríobh sé an leabhar taighde Echoes of the Rebellion: The Year 1798 in Twentieth-Century Irish Fiction and Drama (2015) agus bhí sé i measc eagarthóirí an leabhair aistí Ar an Imeall i Lár an Domhain a d’fhoilsigh Leabhar Breac in 2021.

Scríobh sé aistí éagsúla as Gaeilge, as Béarla agus as Seicis ar phrós agus ar dhrámaíocht na Gaeilge san fhichiú haois, ag plé údar mar Phádraic Ó Conaire, Micheál Mac Liammóir, Máirtín Ó Cadhain, Brian Ó Nualláin, Walter Macken agus Breandán Ó hEithir. Aistríonn sé ó Ghaeilge go Seicis, bronnadh an duais náisiúnta Magnesia Litera ar a aistriúchán ar Cré na Cille (2017). Tá L’Attaque le hEoghan Ó Tuairisc (2007), gearrscéalta le Pádraic Ó Conaire (2013) agus An Eochair le Máirtín Ó Cadhain (2021) aistrithe aige chomh maith.

Le déanaí, thosaigh sé ag scríobh ailt faoi chúrsaí i lár na hEorpa do Tuairisc.ie agus do Comhar. Seinneann sé an fhliúit, idir cheol clasaiceach agus cheol Gaelach, bhunaigh sé an grúpa Conamara Chaos in 2017.

Féach Radvan Markus ar Vicipéid

Portráid den udar | Portrait of the author
Leabhar Breac
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.