Roald Dahl
Tá an t-údar Sasanach Roald Dahl (1916 – 1990) ar cheann de na scríbhneoirí do léitheoirí óga is mó cáil agus is mó a aistrítear. Tá a chuid leabhar ar fáil sna scórtha teanga agus tá os cionn 250 milliún cóip dá chuid leabhar díolta ar fud an domhain.
Sa Bhreatain Bheag in 1916 a rugadh Roald Dahl. Ba ón Ioruaidh a thuismitheoirí. Ba san 1940dí a tháinig sé chun cinn mar scríbhneoir agus bhain sé cáil amach mar scríbhneoor do dhaoine fásta agus do pháistí. Stíl dorcha grinn a luaitear le go leor dá chuid leabhar do pháistí agus cé go dtaobhaíonn sé le laochra óga cineálta, is minic a gcuid naimhde ina mbithiúnaigh amach is amach. Ar na leabhair is cáiliúla leis tá Charlie agus Monarcha na Seacláide, Matilda, Na cailleacha, na Gamail, agus Danny Seaimpin an Domhain.

-
Charlie agus Monarcha na Seacláide
Roald Dahl€12.00Níl Willy Wonka - ná an taobh istigh dá mhonarcha iontach seacláide - feicthe ag aon duine le blianta fada. Nuair a fhógraíonn sé comórtas ina dtabharfar buaiteoirí...
-
Danny Seaimpín an Domhain
Roald Dahl€9.00Tá Danny, Seaimpín an Domhain ar cheann de na leabhair is mó aistriúcháin ar domhan. Insítear scéal Danny agus a athar William san úrscéal seo (1975) a phléann...
-
Na Cailleacha
Roald Dahl€12.00Is fuath le cailleacha páistí. Faigheann cailleacha boladh cacanna madra ar pháistí. Agus anois tá an Ard-Chailleach Mhór ag ullmhú le deireadh a chur le gach uile pháiste...
-
Na Gamail
Roald Dahl€9.00Tá Na Gamail le Roald Dahl ar cheann de na leabhair is mó aistriúcháin ar domhan. Scéal é seo faoi dhá ghamal agus faoi na cleasa gránna a...