Roald Dahl

Tá an t-údar Sasanach Roald Dahl (1916 – 1990) ar cheann de na scríbhneoirí do léitheoirí óga is mó cáil agus is mó a aistrítear. Tá a chuid leabhar ar fáil sna scórtha teanga agus tá os cionn 250 milliún cóip dá chuid leabhar díolta ar fud an domhain.

Sa Bhreatain Bheag in 1916 a rugadh Roald Dahl. Ba ón Ioruaidh a thuismitheoirí. Ba san 1940dí a tháinig sé chun cinn mar scríbhneoir agus bhain sé cáil amach mar scríbhneoor do dhaoine fásta agus do pháistí. Stíl dorcha grinn a luaitear le go leor dá chuid leabhar do pháistí agus cé go dtaobhaíonn sé le laochra óga cineálta, is minic a gcuid naimhde ina mbithiúnaigh amach is amach. Ar na leabhair is cáiliúla leis tá Charlie agus Monarcha na Seacláide, Matilda, Na cailleacha, na Gamail, agus Danny Seaimpin an Domhain.