Robert Louis Stevenson
Rugadh Robert Louis Balfour Stevenson ar an 13 Samhain 1850 i nDún Éideann na hAlban. Ba úrscéalaí, file, agus scríbhneoir taistil a bhí ann. Bhain sé cáil amach mar scríbhneoir lena bheo, agus áirítear anois é ar dhuine de na scríbhneoirí is mó a bhfuil aistriúchán déanta ar an shaothar. Bhí an tsláinte go dona aige i gcaitheamh a shaoil agus, dá bharr sin, in 1890 chuaigh sé go Samó san Aigéan Ciúin le cur faoi, agus ba ann a bhásaigh sé ar an 3 Nollaig 1894.
Ar a shaothar tá Oileán an Órchiste (Treasure Island), A Child’s Garden of Verses, An Fuadach (Kidnapped), agus The Strange Case of Dr. Jekyll and Mr. Hyde. Tá Oileán an Órchiste (Darach Ó Scolaí, 2013) agus An Fuadach (Leon Ó Broin, 1931; Darach Ó Scolaí, 2016), ar fáil i nGaeilge. In ainneoin an neamairt a rinneadh ina shaothar sa 20 hAois, aithnítear anois é ar dhuine de mhórscríbhneeoirí an Domhain.

-
Cás Aduain an Dr Jekyll agus Mhr Hyde
Robert Louis Stevenson€12.95Scéal scáfar uafar a chuirfidh alltacht agus anbhá ar lucht a léite. Dearmad na léirithe éadroma de atá feicthe agat i scannáin agus cruinnigh do mhisneach le dul...
-
Trí Úrscéal le RL Stevenson
Robert Louis Stevenson€44.95€36.00Na trí úrscéal is clúití a scríobh Robert Louis Stevenson – agus atá ar na trí úrscéal is clúití a scríobhadh riamh — ar fáil ar lascaine don...
-
An Fuadach
Robert Louis Stevenson€16.00Tá An Fuadach le Robert Louis Stevenson ar cheann de na húrscéalta is mó cáil riamh. Seo é scéal scleondrach corraitheach an dílleachta Dáibhí Balfúr, fear óg a...
-
Oileán an Órchiste
Robert Louis Stevenson€16.00Tá an t-úrscéal Treasure Island le Robert Louis Stevenson áirithe ar cheann de na húrscéalta eachtraíochta is mó cáil riamh. Scéal scleondrach atmaisféarach é seo faoi fhoghlaithe mara...