Seán Mac Mathúna
Úrscéalaí, gearrscéalaí, agus drámadóir as Trá Lí i gContae Chiarraí é Seán Mac Mathúna.
Bhain sé cáil nach beag amach lena chnuasach gearrscéalta Ding agus Scéalta Eile (1983). Ó shin foilsíodh leabhair leis i nGaeilge a gus i mBéarla, agus léiríodh dráma leis, Gadaí Géar na Geamhoíche/The Winter Thief in Amharclann na Mainistreach, agus Hula Hul sa Taibhdhearc. Bhuaigh an dara cnuasach gearrscéalta leis Banana Gradam Uí Shúilleabháin i 1999, agus foilsíodh úrscéal gearr leis i 2005, Scéal Eitleáin. Foilsíodh rogha dá chuid gearrscealta sa chnuasach Úlla i 2005. Sa bhliain 2008 foilsíodh a úrscéal mórdhíola Hula Hul, agus i 2010 foilsíodh Gealach. Foilsíodh an t-úrscéal is deireanaí leis, Doras Fuinneog Scuab i 2015.

-
Doras Fuinneog Scuab
Seán Mac Mathúna€9.00Buachaill agus cailín sna déaga ar a gcamchuairt trí shráideanna fuara Bhaile Átha Cliath. Doras an t-ainm atá ar an mbuachaill, Fuinneog atá ar an gcailín. Cuireann siad...
-
Hula Hul
Seán Mac Mathúna€10.00Ciarraí, 1923. Ar bharr an choma thuas chas sé agus d'fhéach sé thar n-ais. Bhí sí fós ann, le hais an tobair, is a buicéidín aici is í...