1 Item

Seanchas Gael

Seanchas Gael: bailiúchán de mhórshaothair na seanlitríochta. Tá sé d’aidhm ag Leabhar Breac leaganacha breátha soléite de luathlitríocht na Gaeilge a chur ar fáil do léitheoirí ár linne.

Tá idir Fhiannaíocht (Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne agus Feis Tigh Chonáin), Scéalta ar Ghabháltas Éireann (Tuatha Dé Danann agus Éadaoin), Scéalta na Ríthe (Conaire Mór, An Tromdhámh agus  Mé Suibhne) agus Rúraíocht (Táin Bó Cuailnge) anseo againn, chomh maith le greann ón 16ú haois An Ceithearnach Caolriabhach).

Ó Shraith na Teamhrach go Ceallachán

In 2020 a chuir Diarmuid Johnson críoch lena mhórthriológ, Sraith na Teamhrach: Conaire Mór, Tuatha Dé Danann agus Éadaoin, agus a bhuíochas dó tá trí cinn de mhórshaothair na luathlitríochta ar fáil do léitheoirí na linne seo. In 2022 tá súil lena shaothar nua, Ceallach.

Chugainn an Gheilt ón Luath-Litríocht Aniar

In 2021 foilseofar Mé Suibhne, athinsint ar Bhuile Shuibhne. Téacs tábhachtach as canóin liteartha na hEorpa é an scéal mór seo de chuid na Gaeilge ina dtugtar grinnléargas tuisceanach den chéad uair riamh in aon cheann de theangacha neamhchlasaiceacha na hEorpa ar an ngeilt agus ar an lorg a fhágas an meabhairghalar ar a intinn is ar a dhán. Feargal Ó Béarra a scríobh.

Mé Suibhne