Tim Armstrong

Scríbhneoir agus ceoltóir as Seattle Mheiriceá é Tim Armstrong. Is i measc cheoltóirí punc Dhún Éideann a d’fhoghlaim sé Gaeilge na hAlban i dtosach, sa bhanna ceoil Mill a h-Uile Rud. Tá baint aige le tograí punc, teicneo agus rac-cheoil ó shin. Cé gur taighdeoir bitheolaíochta a bhí ann sular thug sé faoi Ghaeilge na hAlban, bronnadh PhD air sa tsochtheangeolaíocht, ó Ollscoil Obar Dheathain agus ó Shabhal Mòr Ostaig, agus tá sé ag obair in Albain mar léachtóir i Sabhal Mòr Ostaig. Tá sé ag obair faoi láthair ar a dhara húrscéal, An Luingeas Dorcha air Fàire.