'Top 50' an Irish Times
Cúis ríméid dúinn go bhfuil ceithre leabhar déag le Leabhar Breac ainmnithe ag an Irish Times ar na caoga leabhar is fearr ó thús an chéid i leith. Orthu sin tá ceithre leabhar le Liam Mac Cóil, trí leabhar an duine le Darach Ó Scolaí agus Diarmuid Johnson, agus leabhar an duine le Cathal Ó Searcaigh, Eilís Ní Anluain, Feargal Ó Béarra agus Seán Mac Mathúna.
Dearbhán speisialta le bua Leabhar Breac a cheiliúradh
Is mó teideal le Leabhar Breac atá ar an liosta ná teach foilsitheoireachta ar bith eile, agus mar cheiliúradh ar bhua ár gcuid scríbhneoirí, sa choicís amach romhainn, beidh lascaine speisialta 30% ar gach leabhar linn ar an liosta.
IrishTimes50 an cód dearbháin. Bainfear 30% de luach gach leabhar atá ar an liosta ach IrishTimes50 a scríobh sa bhosca dearbháin ar an suíomh.













