Amadán Aibreáin

Máire Ní Ghallchobhair

7.50

40 pages; paperback; ISBN 978-0-898332-23-1

Leabhar eile le Máire Ní Ghallchobhair sa tsraith Lúsaí don aoisghrúpa 6-8 mbliana, agus í maisithe ag Peter Donnelly. Cailín beag í Lúsaí atá lán le spraoi agus le greann. Ceapann na daoine fásta go bhfuil sí beagáinín ró-aerach. Ach is deacair Lúsaí a smachtú!

Tá Lúsaí an-sásta inniu. An chéad lá d’Aibreán atá ann. ‘Lá na nAmadán,’ arsa Lúsaí. ‘Beidh an-spraoi againn inniu.’