An Chailleach

Enric Lluch

7.50

An Chailleach: 44 lch; clúdach bog; ISBN: 978-1-913814-17-5

Pictiúrleabhar álainn lándaite sa tsraith ‘Arrachtaí’ dírithe ar léitheoirí óga. Scéal spraiúil grinn a léiríonn an taobh ‘greannmhar’ den taibhsiúlacht. Líonfaidh na leabhair seo beárna mhór i réimse léitheoireachta (agus i bhfoclóir) an ghasúir — agus léifear í le fonn agus le scleondar!

Tá ocras ar an gCailleach Liath. Tá sí bréan de choiníní draíochta agus úlla nimhe. Níl aon rud eile le hithe sa teach! Ach cad a tharlaíonn di nuair a théann sí go teach atá déanta as seacláid?

Tá os cionn tríocha leabhar do pháistí foilsithe ag Enric Lluch agus tá an-cháil ar a shaothar. Ar na leabhair eile leis, tá an bailiúchán ‘Cosa Beaga Bídeacha’ foilsithe ag Leabhar Breac agus iad ar fáil sa réimse leabhar Gaeilge atá againn inár siopa leabhar ar-líne.

Leabhair eile sa bhailiúchán ‘Arrachtaí’