Raic

Máire Uí Dhufaigh

12.00

176 lch; clúdach bog; ISBN 978-1-909907-60-7

Úrscéal sa tsraith ‘Oileán na Leice’ é Raic. Tá sé ina shamhradh arís in Oileán na Leice, agus gan ag déanamh imní do Chaitríona ach cén chaoi leis an tsaoire fhada a chaitheamh di féin, agus cén chaoi a meallfaidh Séamas Jim, dár ndóigh. Agus nach uirthi atá an ríméad nuair a éiríonn léi jab samhraidh a fháil sa ghnó a bhfuil Séamas ag obair ann! Ach in ainneoin a hiarrachtaí, is beag spéis a léiríonn sé inti. Chun éad a chuir air glacann sí le cuireadh dul amach le fear eile ar an oileán, fear óg a bhfuil suim aige inti, agus cuirtear tús le heachtraí a fhágann Caitríona í féin agus a cairde i mbaol a mbáite. Beidh sé ina raic fós!!
Nasctar déagóireacht agus rómánsaíocht an tsamhraidh go paiteanta le scéinséir a bhaineann le gadaithe neamhscrupallacha agus le long lastais luachmhar ar thóin na farraige.

Bronnadh duais Oireachtais ar Raic i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2014