Súil le Breith

Pádraig Standún

9.00

Súil le Breith; 180 lch; clúdach bog; 978-0-898332-70-4

Tá an leabhar seo ar fáil ar an Kindle

Úrscéal é Súil le Breith a tharraing caint nuair a foilsíodh ar dtús é i 1983, agus é ar ais i gcló anois tar éis 15 bliana.

Rogha idir dualgas, grá agus an tsagartóireacht.

Sagart paróiste ar oileán Gaeltachta é Tom Connor, fear atá ag troid ar son pobal atá bánaithe ag an imirce agus ag an mbochtanas. Insíonn a bhean tí, Marion, dó go bhfuil sí ag súil lena pháiste. Caithfidh Tom rogha a dhéanamh idir a dhualgas i leith a phobail, a ghrá do Mharion, agus a chreideamh sa tsagartóireacht. Tá idir dhrámatúlacht agus bhriseadh croí i réiteach an scéil seo. Is ar an úrscéal seo a bunaíodh scannán Bhob Quinn, Budawanny (1987).

I Maigh Eo i 1946 a rugadh Pádraig Standún. Tá aithne air mar ghníomhaí pobail, agus tá sé ina shagart paróiste i gCárna. Tá deich n-úrscéal scríofa aige.  Ba é Súil le Breith a chead úrscéal.

Leabhar a théann go smior na ceiste

Úrscéal neamhchoitianta agus thar a bheith macánta atá sa leabhar seo a thugann faoi cheisteanna a bhaineas le gairm na sagartóireachta agus le hionad an tsagairt sa phobal ar bhealach a théas go smior na ceiste go minic. Ó tharla gur sagart an t-údar agus nach dtéann sé ar chúla téarmaí lena scéal a chur i láthair, ní hiontas ar bith é go raibh an leabhar go mór i mbéal an phobail nuair a foilsíodh é. — Raidió na Gaeltachta

“Reveals illness of Gaeltacht” – The Irish Press

“Gaeltacht’s answer to the Thorn Birds” – The Sunday Tribune

“Scéalaí ó dhúchas is ea an Standúnach” – The Irish Times

“Trua gan tuilleadh dá shaghas sa teanga” – Connacht Tribune

“Oh, Father, what a book!” – Sunday Tribune