0 Earra

Agus 50 bliain san Aontas Eorpach á chomóradh ag an tír seo, ba thráthúil an t-ábhar é léacht Éigse na Bruiséile, ‘Aisling na hEorpa le 1,500 bliain:
Ceallach, Columbanus agus Robert Schuman’. Ina chaint in Ambasáid na hÉireann sa Bhruiséil labhair Diarmuid Johnson ar an tionchar a bhí ag scéal Cholumbanus agus Cheallaigh (St Gall) ar fhis Robert Schuman don Eoraip.

Ba é Robert Schuman (1886-1963) ‘fear aontaithe na hEorpa’. Bhí sé ina phríomh-aire ar an bhFrainc faoi dhó, agus bhí sé an-bhainteach le tógáil institiúidí Eorpacha agus tras-Atlantacha iarchogaidh. Bhí sé ar dhuine de na bunaitheoirí ar an gComhphobal Eorpach, Comhairle na hEorpa agus Nato.

Thar duine ar bith eile, is é Robert Schuman a chuir an bhunchloch faoin Aontas Eorpach i dtús ama. Tá a chuid smaointe ar an ábhar sin le léamh sa leabhrán Pour l’Europe, cnuasach scríbhinní óna pheann féin.

Mar chuid lárnach d’fheachtas Schuman ar son na hEorpa, labharnn Diarmuid Johnson ar chruinniú mullaigh na bliana 1950 in Luxeuil-les-bains, cruinniú a raibh polaiteoirí sinsearacha i láthair ann ó thíortha éagsúla, an Fhrainc, Éirinn agus Meiriceá ina measc, mar aon le hionadaithe de chuid na hEaglaise Caitlicí.

Gabriel le Bras (1891–1970) ab ionspioráid don chruinniú mullaigh seo. Bhí le Bras – Briotánach, ollamh le stair agus le dlí i bPáras – ar dhuine de na comhairleoirí ba thábhachtaí dá raibh ag Schuman ag an am. Iníon léinn de chuid le Bras, Marguerite-Marie de Bois, d’fhoilsigh sí leabhar tábhachtach in 1950, leabhar dar teideal Un pionnier de la civilisation occidentale: Saint Colomban. Tugadh an leabhar sin do Schuman. Léigh sé í, agus chuaigh sí i gcion go mór air

Ag an gcruinniú mullaigh i Luxeuil bhí deis ag Schuman labhairt le ceannairí eile ón Iarthar faoi athógáil na hEorpa agus faoi aontú na hEorpa tar éis léirscrios an Dara Cogadh Domhanda. Mar sin féin, is ina rún a bhí an scéal sin. Go hoifigiúil, is comóradh ar bheatha Cholumbanus a bhí i gceist.

Ina aitheasc i Luxeuil, dúirt Schuman, ‘‘Colomban est le saint patron de tous ceux qui aujourd’hui cherchent à construire une Europe unie.” Is é Columbanus is naomh pátrúin do chách atá ag saothrú ar son aontú na hEorpa.