Pictiúrleabhar álainn nua do léitheoirí fásta leis an scríbhneoir Darach Ó Scolaí agus an t-ealaíontóir Alé Mercado is ea Sadhbh, leagan úrnua den seanscéal Ceasacht Iníon Ghuile.

Clúdach leabhair, book coverScéal raibiléiseach grinn

Scéal cliste greannmhar atá sa phictiúrleabhar seo do léitheoirí fásta faoi bhean óg a sheasann an fód in aghaidh na bhfear — agus in aghaidh Rí Mumhan ach go háirithe.

Athinsint atá ann ar cheann de na scéalta is breátha dá bhfuil againn sa tseanlitríocht, Ceasacht Iníon Ghuile.

Ní hé amháin go bhfaigheann Sadhbh an ceann is fearr ar an seanrí, ach faigheann sí an ceann is fearr freisin ar na fir a dhéanfadh beag di, rud a léirítear i radharc raibiléiseach i dtús an scéil.

illustration © Alé Mercado 2025Sadhbh agus Rí Mumhan

Díol suntais an scéal mar go bhfuil príomhpháirt ann ag pearsa de chuid na staire, Féilimí mac Criomhthainn Rí Mumhan (+847). Is i bpáirt an rí ghaoisiúil chríonna atá Féilimí agus is í Sadhbh an bhean óg a thugann a dhúshláin agus a fhaigheann beannú an rí i ndeireadh an scéil.

Lúb eile sa slabhra

“Sa leabhar álainn seo tá lúb eile á chur ag Darach Ó Scolaí le slabhra an scéil,” a dúirt an tOllamh Mícheál Ó Maiunnín agus an leabhar á seoladh aige. “Braitheann tú gur chuid de thraidisiún fada é … Tugtar go leor spáis don ealaín i dtús an leabhair, rud a chruthaíonn atmaisféar an-álainn  Tá an teanga féin go hálainn.”

Darach Ó Scolaí, portráid, portraitAn Bhantracht abú!

Seo í an tríú leabhar sa tsraith pictiúrleabhar seo do léitheoirí fásta le Darach Ó Scolaí. Is iad Deirdre (2023) agus Bláthnaid (2024) an dá leabhar eile sa tsraith. Foilseofar an ceathrú leabhar Eoghan Béal roimh dheireadh na bliana.

Foilsíodh an t-urscéal Bódléar le Darach Ó Scolaí anuraidh, leabhar a ghnóthaigh Duais an Oireachtais 2024 agus Gradam Uí Shúilleabháin 2025.

Sadhbh: 80 lch; clúdach crua; ISBN 978-1-913814-57-

illustration © Alé Mercado 2025

Leabhar Breac
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.