0 Earra

 

AN SÁILE IN INIS NÍ

Mí Mhárta in Inis Ní
Seo mar a bhí –
Seo mar a bhí an sáile agus an ghaoth:

Bhí fuarsháile ann lá fionnghaoithe
Feallsháile lá floscghaoithe
Fraochsháile lá frasghaoithe.

Bhí sáile rua ann lá rúscghaoithe
Sáile riabhach lá ropghaoithe
Sáile ribeach lá rúidghaoithe.

Bhí breacsháile ann lá biorghaoithe
Bruthsháile lá borbghaoithe
Baothsháile lá bloscghaoithe.

Bhí cúrsháile ann lá corghaoithe
Colgsháile lá conghaoithe
Ciúinsáile lá caoinghaoithe.

Bhí tromsháile ann lá tréanghaoithe
Tras-sáile lá timghaoithe
Taomsháile lá tarbhghaoithe.

Bhí longsháile ann lá leathghaoithe
Liathsháile lá leascghaoithe
Léirsháile lá lag-ghaoithe.

Bhí glas-sáile ann lá siocghaoithe
Gorsháile lá garbhghaoithe
Griansáile lá gréine agus geanghaoithe.

Mí Mhárta in Inis Ní
Sin mar a bhí.

 

 

 

© Diarmuid Johnson, Márta 2021