Leabhar Breac
Foilsitheoirí Leabhar

0 Earra

I nGaillimh aréir, ag ócáid a reáchtáileadh Tigh Charlie Byrne, sheol an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh an t-úrscéal Súil an Daill. Is é Darach Ó Scolaí a scríobh an t-úrscéal, ficsean staire a suitear i dTir Eoghain i lár an 16ú haois. Bronnadh Duais an Oireachtais 2019 ar an saothar seo.

Seoladh Súil an Daill Gearóid agus DarachA nDúirt na Léirmheastóirí:

“Úrscéal thar a bheith soifisticiúil … Éacht taighde agus teanga déanta ag an údar a aimsíos ardréim liteartha de theanga an lae inniu lena scéal a inseacht. Tour de force stíle agus reacaireachta atá ann a fhágas blas na seanteanga ar theanga an lae inniu.” — Gearóid Denvir, An tOireachtas

Léiriú drámatúil iontach ar an tréimhse seo i stair na hÉireann … saothar chomh fileata, chomh saibhir, saothar iontach luachmhar,” — An tOllamh Malachy Ó Néill, An Cúinne Dána RTÉ Raidió na Gaeltachta.

“Tá macallaí de Macbeth sa leabhar seo chomh maith, idir na tairngireachta a dhéantar agus an uaillmhian.” — Dr Charlie Dillon, An Cúinne Dána RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Scagadh céadach ar cheisteanna comhaimseartha ceannais agus cultúir

“Is iad flaitheas agus formad téamaí síoraí an úrscéil seo. Scagadh céadach ar cheisteanna comhaimseartha ceannais agus cultúir atá ann, faoi chló Chroinicí na nUltach sa 16ú céad. Amhail Hilary Mantel nó David Simon, cuirtear ardán gnímh agus fearann machnaimh os coinne an léitheora ina léirítear laige an duine, gliceas na mban agus fústar na bhfear. Agus Conn Bacach Ó Néill, Tiarna Thír Eoghain, ag obair i dtreo bhuanú na cumhachta i gcónaí, mar dhia, ceistítear brí agus feidhm na béascna, téad thréitheach sheasta i saothar Dharach Uí Scolaí. Tá an teannas scéalaíochta ar fheabhas agus cuidíonn éascaíocht stíle le rosc rua ropanta a dhéanamh den phrós. Togha úrscéil.” — Dónall Ó Braonáin, Tuairisc.ie

Seoladh Súil an Daill, Darach Ó Scolaí“One of the most important Irish language writers”

“The author manages to create a credible medieval Ulster by supplying detailed descriptions of the landscape, the dress, the castles and the way of life he deduces from the historical record … The language register he calls on to do this is rich and evocative of the time, remaining entirely understandable …
“Darach Ó Scolaí has become one of the most important Irish language writers of his generation and Súil an Daill will add to his growing reputation. It has already won a literary prize in Oireachtas na Gaeilge and it will be no surprise if others follow.” — Cathal Poirtéir, Books Ireland.