1 Item

An Chaora Ghlas

Ailbhe Nic Giolla Chomhaill

15.00

An Chaora Ghlas agus scéalta eile as Seanadh Farracháin
144 lch; clúdach bog; 978 1 909907 81 2

Is ceantar tuaithe iargúlta é Seanadh Farracháin agus, dála Ghaeltachtaí eile na tíre, bhí an scéalaíocht agus an traidisiún béil i gcoitinne láidir ann leis na cianta. Trí anailís a dhéanamh ar dhornán beag de na seanscéalta a bailíodh sa cheantar seo, faightear léargas ar mhúnla scéalaíochta an tseanscéil, múnla atá in úsáid le fada an lá, ní hamháin i dtraidisiún scéalaíochta na tíre seo, ach go hidirnáisiúnta chomh maith.

Dornán Scéalta ó Sheanadh Farracháin

Chomh maith leis sin faightear tuiscint ar mheon agus ar idé-eolaíocht an phobail bhig thraidisiúnta seo mar a léirítear sna scéalta iad agus san ábhar béaloidis i gcoitinne.

In éindí leis an dornán scéalta ó Sheanadh Farracháin i nDúiche Sheoigheach atá sa leabhar seo, tá staidéar cuimsitheach ann ar thraidisiún na scéalaíochta mar a léirítear é san ábhar a bailíodh faoi Scéim na Scol, agus cuntas breá ann ar thraidisiún na scéalaíochta sa phobal sin.

Cuntas Soiléir Simplí Neamhchas ar Scéim na Scol

“Tá de bhua faoi leith ag An Chaora Ghlas agus scéalta eile as Seanadh Farracháin go dtugann sé cuntas soiléir simplí neamhchas ar Scéim na Scol, ar a cúlra, ar a cur i bhfeidhm, agus conas a tras-scríobhadh an t-ábhar ó pheann na ndaltaí go leabhar mór an mhúinteora ina bhfuil an taifead oifigiúil anois. Fairis sin, tá cur síos ar éagsúlacht na scéalaithe agus ar an gcineál ábhar a bailíodh, agus arb iad na ‘seanscéalta’ is mó is cás leis an leabhar seo.” — Alan Titley, tuairisc.ie

Léirmheas ar An Chaora Ghlas in tuairisc.ie