Léann 5

Cumann Léann na Litríochta

15.00

Léann 5: 132 lch; bog; 978-1-913814-15-1

Iris phiarmheasta í Léann a fhoilsíonn idir ábhar acadúil agus thaighde bunaidh d’ardchaighdeán. Cuimsíonn Léann 5 taighde ar ghearrscéalaíócht, ar úrscéalaíocht, ar ghramadach na Sean-Ghaeilge, ar na filí agus ar dhearcadh an phobail ar na nGaeilge.

Tuairim an Dublin Opinion

San eagrán seo, déanann Hugh Rowland scagadh ar an trácht ar an nGaeilge san iris Bhéarla The Dublin Opinion ina aiste ‘Ceist na Gaeilge á Plé ar Dublin Opinion (1966-68).

Gearrscéalaíocht agus Úrscéalaíocht

Saothar gearrscéalaíochta Mháirtín Uí Chadhain atá faoi chaibidil ag Aingeal Ní Chualáin Ina haiste ‘Téamaí an Chaidrimh agus an Ghnéis i nGearrscéalta Deireanacha Mháirtín Uí Chadhain’. Úrscéalta Gaeilge ‘Ceanadacha’ ó na 1920idí agus ó na 1930idí atá faoi chaibidil ag Pádraig Ó Siadhail ina aiste ‘Agus cén chaoi ar thaitnigh na Canadas leat?’.

Briathra agus Bairdne

Ina aiste siúd, is é ‘To Have’ sa Ghaeilge agus an Briathar Sean-Ghaeilge Techtaid’ atá faoi chaibidil ag Ken Ó Donnchú. Agus is é an ceangal fileata idir Éirinn is Albain is ábhár do Mhicheál Ó Mainnín ina aiste ‘Ag Cor Cuarta’: Leabhar Dhéan Leasa Móir, Clann Diarmada agus Filí Albanacha in Íochtar Chonnacht’.

Comhfhiontar é Léann 6 idir Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus Ollscoil Luimnigh. Is iad Cumann Léann na Litríochta a chuireann an iris in eagar.

Féach Léann 3

Féach Léann 4

Féach Léann 6

Léigh léirmheas ar Léann 6 in ComharTaighde