An Bhean Feasa
216 pp; paperback; ISBN 978-1-784441-0
Daoradh bean Éireannach chun báis ar chúis asarlaíochta agus crochadh i mBostún Shasana Nua í ar an 16ú Samhain 1688. Tagann sí anuas chugainn sa stair faoin ainm ‘Goody Glover’, bíodh gurbh ainm sclábhaíochta é sin. Is í an Ghaeilge an t-aon teanga a labhair sí sa chúirt, agus is sa triail a cuireadh uirthi is ea a fhaighimid an chéad tagairt don teanga i Meiriceá thuaidh. Is é atá san úrscéal seo ná samhlú ar shaol agus ar dhálaí na mná seo idir Bhostún, Bharbados agus Éire féin. Is i bhfoirm filíochta atá an t-úrscéal scríofa, an chéad cheann dá leithéid sa Ghaeilge.
Leabhair eile a thaitneodh leat?
-

Fontenoy
Liam Mac Cóil€18.00Fontenoy: In Chartres na Fraince fuarthas leathanaigh chlóbhuailte ón 18ú haois, agus tagairt d’údar mistéireach na bprofaí seo, an Captaen Seán Ó Raghallaigh. Ábhar an leabhair: Tuarasgbháil ar...
Cuir sa Chiseán -

Corp an Duine Uasail
Pénélope Bagieu€12.00A leithéid de shaol! Tar éis do Zoé an lá a chaitheamh mar fháilteoir ag comhdhálacha agus seónna tráchtála, ní bhíonn ag fanacht léi sa bhaile ach leisceoir...
Cuir sa Chiseán
