Bódléar

Darach Ó Scolaí

18.00

Bódléar: 136 lch; clúdach crua, 978-1-913814-65-6

Ar fáil ar an 8 Samhain

I mbaile beag ar an gcósta thiar, gach samhradh, cumann an máistir scoile dán ar son mhuintir an bhaile agus tugann leis ó dheas chuig Cúirt Mhór na bhFilí i gCúige Mumhan é. Tar éis na cúirte, tugann sé dánta is amhráin nua na bhfilí Muimhneacha abhaile leis. Bíonn súil mhór ag muintir an bhaile leis na hamhráin nua, agus reachtálann siad oíche mhór le fáilte abhaile a chur roimhe.

“Saothar álainn míorúilteach”

Ach i mbliana, tá Bódléar tagtha aneas agus cantal air. As seo seo amach, cumfaidh sé “filíocht nua,” a deir sé, “filíocht níos fírinní!” Ach nuair a chloistear na dánta nua seo “gan rím gan cheol”, tagann uafás ar mhuintir an bhaile….

Úrscéal éadrom grinn é Bódléar, rómáns a phléann le hathruithe an tsaoil agus leis na bealaí atá ag an duine déileáil leo.

“Gach caibidil níos pléisiúrtha ná a chéile”

“Nóibhille cruthaitheach samhlaíoch a thugann an léitheoir siar go dtí Éire Ghaelach na hochtú haoise déag (más fíor) agus a bhaineann macalla ní hamháin as filíocht Ghaeilge na tréimhse sin, ach as úrscéalta clasaiceacha na fichiú aoise chomh maith. Tá an teanga fíorálainn saibhir is gluaiseann an scéal ar aghaidh ina chaibidlí gearra gonta, gach ceann acu níos pléisiúrtha ná a chéile. Áireofar Bódléar mar chlasaic den seánra, ní amach anso, ach láithreach bonn. — Breandán Ó Cróinín

“Is saothar álainn míorúilteach é seo ina ndéantar pósadh idir an léann agus an daonnacht, an fhírinne shuthain agus an stair ghiongach. Agus comhcheol na nGael agus na bhFrancach á chasadh ag an údar, éiríonn leis cúpla sonc a thabhairt d’fhileadóirí an lae inniu feadh na slí, rud nach miste in aon chor.” — Aifric Mac Aodha

Éist: Sliocht á léamh ag an údar.