Your cart is currently empty!
Rún na mBradán
€8.00
Rún na mBradán; 64 lch; clúdach bog; ISBN 6660012160297 (Coiscéim 2016)
Sa Bhreatain Bheag a rugadh Diarmuid Johnson agus is i nGaillimh a chuaigh sé ar scoil. Tar éis dó beagán oideachais a fháil cois Coiribe faoi rún na mbradán, thug sé tíortha na hEorpa air féin., áit ar chaith sé leath a shaoil i mbun léinn agus éigse. Nuair nach mbíonn sé ag treabhadh i ngort an phinn, is ag teagasc nó ag ceoltóireacht a bhíonn sé, sin nó ag garraíodóireacht sa Bhriotáin.
Fillfidh an Bradán ar an Eas
Rogha dánta atá sa chnuasach seo a chum an t-údar agus é san iasacht idir 2005 agus 2015. Sa Bhreatain Bheag, go dtí 2007, sa Pholainn as sin go dtí 2010, agus sa Ghearmáin ó 2011 go dtí 2013.
Do Ghaeilgeoirí a chaith a saol thar lear a thiomnaíonn sé Rún na mBradán, agus go háirithe dóibh siúd atá ina gcónaí thar lear lenár linn féin, más dá ndeoin é nó dá n-ainneoin. “Fillfidh an bradán ar an eas.”
Ó Dhoire an Fhéich go Casla
‘Scéalach téadach’ atá an file ilteangach seo. Cumadóireacht ar an gcoigríoch, barr an bhainne agus ‘biorú aigne’ atá sa díolaim a shiúlann ‘uaigneas móra na mara’ agus críocha Gaelacha an chroí ón gCruithreang ar an Eilean Sgìtheanach go tigh Khitt, Doire an Fhéich, Casla. ‘Clocha beaga scartha’ a bhíodh mar theideal ar cholúin an scríbhneora ar Cuisle ach moghlaeirí móra machnaimh iad na píosaí seo.” — Dónall Ó Braonáin, Tuairisc.ie
Teanga Sothuigthe, Castacht Smaointe
“Mura bhfuil sé i gceist agat ach aon chnuasach filíochta a cheannach agus a léamh i mbliana, mholfainn go hard Rún na mBradán le Diarmuid Johnson. Is teanga an-sothuigthe atá sna dánta tríd síos d’ainneoin chastacht an smaoinimh corruair. Is beag sampla den nuathéarmaíocht atá ann agus ní gá foclóir mór a cheadú. Ach caithfidh tú bheith réidh an chiall don fhoclóir atá agat agus do na focail atá ar eolas agat a athmheas.” — Maolmhaodhóg Ó Ruairc, An tUltach
Leabhair eile a thaitneodh leat?
-
-33%
Tuatha Dé Danann
Diarmuid JohnsonOriginal price was: €16.00.€10.72Current price is: €10.72.Is le misneach mór, le héirim aigne, agus le feabhas a gcuid draíochta a bhain Tuatha Dé Danann seilbh na hÉireann de na Fir Bolg fadó, agus is...
Cuir sa Chiseán -
-33%
An Bhé Ghlas
Cathal Ó SearcaighOriginal price was: €12.00.€8.04Current price is: €8.04.I gcnuasach nua seo Uí Shearcaigh, tá a réim radhairc agus a raon tuisceana níos leithne ná riamh; an domhan sofheicthe agus an domhan dofheicthe á dtabhairt le...
Cuir sa Chiseán -
-33%
Éadaoin
Diarmuid JohnsonOriginal price was: €16.00.€10.72Current price is: €10.72.Is é scéal Éadaoine scéal mór grá na Sean-Ghaeilge, scéal nár mhair ach ina bhlúirí, blúirí i Leabhar na hUidhre, blúirí i Leabhar Buí Leacan. Tá an t-ábhar...
Cuir sa Chiseán -
-33%
Marbhnaí Duino
Rainer Maria Rilke & Máire Mhac an tSaoiOriginal price was: €15.00.€10.05Current price is: €10.05.Tá aistritheoir a dhiongbhála aimsithe ag Rilke i Máire Mhac an tSaoi. Ní hamháin go léiríonn sí acmhainn agus uaillmhian an bhundáin Ghearmáinise, baineann sé geit chomh maith...
Cuir sa Chiseán