Your cart is currently empty!
An Fuadach
Original price was: €16.00.€10.72Current price is: €10.72.
An Fuadach: 304 lch; clúdach crua; 978-1-909907-65-2
Dáibhí i nGaeltacht na hAlban agus na Cótaí Dearga sna Sála Air
Tá An Fuadach (Kidnapped) le Robert Louis Stevenson ar cheann de na húrscéalta is mó cáil riamh. Seo é scéal scleondrach corraitheach an dílleachta Dáibhí Balfúr, fear óg a bhfuil a uncail Eibinéasar ag iarraidh é a mharú agus a oidhreacht a thógáil dó féin. Is é a chairdeas leis an claimhteoir Seacaibíteach Ailean Breac Stíobhaird a thugann slán é – ach is fear é siúd a bhfuil an tóir amuigh ag na Sasanaigh air agus, ina chuideachta, caithfidh Dáibhí dul i mbaol a bháis i nGaeltacht na hAlban agus na Cótaí Dearga sna sála orthu.
Dúnmharú na hApann, 1752
Bunaithe ar an dúmharú clúiteach in Apainn sa bhliain 1752, ‘Murt na h-Apann’ aithnítear An Fuadach go forleathan mar an t-úrscéal is fearr de chuid Stevenson, leabhar ar ar thug Henry James ‘coróin agus príomhbhua an ealaíontóra’.
San aistriúchán seo le Darach Ó Scolaí, tá an t-úrscéal a scríobhadh in 1886 curtha in oiriúint do léitheoirí an lae inniu, agus é maisithe le pictiúir ó eagrán 1913 den leabhar le N.C. Wyeth.
“Scéal maith eachtraíochta, ach tá téagar agus substaint ag baint leis.” Séamas Mac Annaidh, ‘Blas’ BBC Radio Ulster.
Leabhair eile a thaitneodh leat?
-
-33%
Oileán an Órchiste
Robert Louis StevensonOriginal price was: €16.00.€10.72Current price is: €10.72.OIleán an Órchiste: Tá an t-úrscéal Treasure Island le Robert Louis Stevenson áirithe ar cheann de na húrscéalta eachtraíochta is mó cáil riamh. Scéal scleondrach atmaisféarach é seo...
Cuir sa Chiseán