An Litir

Liam Mac Cóil

15.00

An Litir: 280 lch; clúdach bog, 978-1-909907-42-3

Tá an leabhar seo ar fáil ar Kindle

Gaillimh, Earrach na bliana 1612. Tá an chathair trí chéile ag ráflaí, brúidiúlacht, agus ansmacht; an tír ar fad faoi cheannas Shasana; agus Aodh Mór Ó Néill agus na taoisigh Ghaelacha sa Róimh. Leagtar cúram ar Lúcás Ó Briain — Gaillimheach óg a thabharfar as a chathair dhúchais ar aistear fada thar lear. Ach ar a shála tá an Sionnach, duine de na spiairí is glice agus is cruálaí atá ag an namhaid, agus orduithe aige stop a chur leis, ar ais nó ar éigean.

Gearrliosta ‘Leabhar na Bliana’ 2012:

Seo é an chéad chuid de thriológ a thabharfaidh trasna na hEorpa muid i gcomhluadar Lúcáis Uí Bhriain i mblianta tosaigh na 16ú hAoise, agus naimhde brúidiúla sna sála orainn. Ainmníodh í ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin ‘Leabhar na Bliana’ 2012.

Tá an-mhothú ann don tréimhse in atmaisféar na Gaillimhe. Braitheann tú go raibh tú ann i 1612. Airíonn tú go bhfuil tú i lámha scríbhneora an-snasta. — Éilís Ní Dhuibhne, Comhluadar na Leabhar, RTÉ RnaG

Ar Mhórscéalta Gaiscíochta an Domhain.

Page-turner…. Seasfaidh an scéal seo i measc mórscéalta gaiscíochta an domhain. — Proinsias Mac a’Bhaird, Gaelscéal

Seo é an saothar is dírí agus is eachtrúla atá scríofa Liam Mac Cóil go nuige seo. Ropann an scéal ar aghaidh ó eachtra go heachtra agus ropann an léitheoir ar aghaidh ó leathanach go leathanach. — Micheál Mac Craith, Comhar.

You can feel the boots and blades in Mac Cóil’s Galway… An Litir is a singular achievement.Pól Ó Muiri, The Irish Times

Léigh sliocht as An Litir