1 Item

An Tearmann

Alex Hijmans

12.00

Cois Life: 185 lch; clúdach bog; ISBN 978 1 907494 66 6

Téann Eoin Ó Síocháin, gníomhaí óg cearta daonna as Co. an Chláir, go dtí an Bhrasaíl chun taighde a dhéanamh ar choimhlint fhuilteach idir treibh bhundúchasach agus úinéirí talún. De réir mar a chuireann sé aithne ar mhuintir na háite tagann sé ar an tuiscint nach bhfuil an scéal chomh simplí agus a shíl sé ar dtús – ach faoin am sin, tá sé rómhall. Dá lom-ainneoin, beidh ról lárnach le himirt ag Eoin sa choimhlint nuair a thiocfaidh sí chun buaice.

‘Slogtar an léitheoir isteach sa scéal go dtí an nóiméad deireanach nuair a bhristear alltacht an deiridh orainn… Fáiltím roimh scéal Gaeilge atá suite ní hamháin chomh fada sin ó bhaile, sa Bhrasaíl, ach a dhéanann iarracht chomhfhiosach, iarracht a n-éiríonn thar barr léi, cás na háite a cheangal le cás na Gaeilge agus na hÉireann. Molaim an chaolchúis lena ndéantar sin, a léiríonn dainséar na soineantachta agus dainséar na comparáide éasca.’ — An tOll. Máire Ní Annracháin.

Out of stock