1 Item

Filleann Seoirse

Eilís Ní Anluain

15.00

Filleann Seoirse; 176 lch; clúdach bog; ISBN 978-1-913814-24-3

Tá an leabhar seo ar fáil ar Kindle

Triantán suthain suite i mbaile cois farraige in Éirinn na linne seo is ea Filleann Seoirse, an chéad úrscéal le hEilís Ní Anluain.

Ménage à Trois in Oirthear Tíre

Nuair a thagann seanchara ar cuairt ar lánúin nuaphósta, fágann sé a lorg ar an ménage. Trí shúile na mná a nochtar an scéal seo, úrscéal a dhéanann láimhseáil phaiteanta ar mhothúcháin agus ar intleacht, agus a bhaineann chomh mór le teacht in inmhe na gcarachtar is a bhaineann le scaradh na gcompánach.

“Bhí sí leamh den saol, nó shíl sí go raibh.”

Seacht mbliana fhichead a bhí Lís agus níor bheag a bhí bainte amach aici. Fear maith aici, mac agus iníon orthu, agus iad ag cur fúthu i dteach beag gleoite cois abhann i mbaile cósta i gcóngar na cathrach. Mar sin féin bhí sí leamh den saol, nó shíl sí go raibh.

Úrscéal tuisceanach, liriciúil, liteartha suite in Éirinn sa lá atá inniu ann. Bean óg, Lís, a insíonn mar a athraíonn a saol lena fear céile Muiris agus a gclann óg, nuair a thagann a gcara Seoirse ina chónaí leo agus go dtiteann sí i ngrá leis.

Is i dtraidisiún an úrscéil Eorpaigh atá an mhaolinsint chaolchúiseach Éireannach seo ar scéal na mblianta a mhair triúr óg ar scáth a cheile, ó theacht an strainséara go scaradh na gcompánach, ”Bhí Muiris stuama. Cuir leis sin an dearcadh rómánsach agamsa agus dearcadh tragóideach Sheoirse agus tá agat trí sleasa ár dtriantáin bhig.”

Úrscéal Liriciúil sa Traidisiún Eorpach

“Úrscéal réadúil, liriciúil, liteartha scríofa ag Eilís Ní Anluain. Tá macallaí liteartha síos tríd — Ó Conaire agus Ó Cadhain, Lawrence, Eliot agus Frost — agus bean lárnach an scéil ar tinneall ó thús deireadh.” — An tOllamh Angela Bourke, Comhar

Is beag úrscéal mar seo atá againn sa nGaeilge — úrscéal teaghlaigh. Táim ag smaoineamh siar ar Tonn Tuile, scéal ina bhfuil pósadh ag titim as a chéile. Ach anseo tá beirt nach bhfuil iontach sona le chéile, ach atá sásta cur suas le chéile, sásta dul ar aghaidh le chéile. Agus sa méid sin tá sé an-réalaíoch.” — An tOllamh Alan Titley, Comhluadar na Leabhar, Raidió na Gaeltachta

“Iarracht nuálach ionraic é an t-úrscéal Filleann Seoirse ar intinn mhná óige a léiriú agus í ag streachailt le saol an phósta agus an dúil atá aici in ógfhear álainn.” — An Dr Aingeal Ní Chualáin, Feasta

“Ní Anluain’s ability to catch day-to-day life and nuanced feeling is enviable, and she has craſted a very contemporary dialect but one in which the mother tongue is not bleached out of all recognition. And while there is much to admire in her story, equally exciting are the authority and grace with which she writes it. Here is an accomplished author. One looks forward to her next book.” — Pól Ó Muirí, The Irish Times

Léigh léirmheas le Pól Ó Muirí ar an Irish Times