1 Item

Oileán an Órchiste

Robert Louis Stevenson

16.00

Oileán an Órchiste: 176 lch; clúdach crua; ISBN 978-1-909907-40-9

Treasure Island i nGaeilge

Tá an t-úrscéal Treasure Island le Robert Louis Stevenson áirithe ar cheann de na húrscéalta eachtraíochta is mó cáil riamh. Scéal scleondrach atmaisféarach é seo faoi fhoghlaithe mara ar an bhfarraige mhór, faoi mhapa órchiste, agus faoi Jim Hawkins, buachaill sna déaga a chuireann chun farraige agus é meallta ag draíocht an bhithiúnaigh sin, Long John Silver.

Léiriú ar Dhébhríochas na Moráltachta

Is mar scéal theacht in inmhe a aithnítear go coitianta é, agus tá cáil ar leith ar Oileán an Órchiste mar gheall ar an atmaisféar, na carachtair, agus ar an léiriú ann ar dhébhríochas na moráltachta – i bpearsa Long John Silver – rud neamhchoitianta i litríocht na n-óg.

Meallta ag Draíocht an Bhithiúnaigh sin Long John Silver.

Tá Oileán an Órchiste ar cheann de na húrscéala is mó riamh a bhfuil athchóiriú déanta air, agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar thuiscintí an phobail ar fhoghlaithe mara, le híomhánna den léarscáil d’órchiste marcáilte le crosóga, den scúnar, den Spota Dubh, d’oileáin throipiceacha, agus den mhairnéalach ar leathchois agus pearóid ar a ngualainn aige.

San aistriúchán breá seo le Darach Ó Scolaí, tá an t-úrscéal seo a scríobhadh in 1883 curtha in oiriúint do léitheoirí an lae inniu, agus maisithe le pictiúir ó eagrán 1911 den leabhar le N.C. Wyeth.

‘Leabhar nua gleoite’ — An tUltach

Insint atá Chomh Saibhir Seolta le Bunleagan Stevenson

“Tá an t-aistriúchán nó an t-athleagan seo le Darach Ó Scolaí thar barr, le léaráidí a athchruthaíonn dearadh na seanleabhar ón 19ú haois agus a chuireann le sceoin agus sceitimíní na heachtraíochta, agus insint atá chomh saibhir seolta le bunleagan Stevenson, na téarmaí seoltóireachta fite fuaite go healaíonta ionas gur ar éigean atá gá leis an ngluais chuimsitheach atá mar aguisín leis an scéal…. Beirtear ar shamhlaíocht an léitheora ó thús go deireadh. Chuir Stevenson roimhe scéal tarraingteach eachtraíochta a scríobh do bhuachaillí. D’éirigh go hiontach leis, agus tá tréithe an bhunleabhair aistrithe go cumasach buacach go Gaeilge den scoth ag Darach Ó Scolaí.” — Iarla Mac Aodha Bhuí, INIS Magazine

“Leabhar álainn le léaráidí agus cló-aghaidh tharraingteach ar leathanaigh. Tá an dearadh clúdaigh daite le Caomhán Ó Scolaí an-deas agus is maith liom gur chinn na foilsitheoirí ar chuid de léaráidí N.C. Wyeth a chur sa leagan nua seo. Ómós a bhí ansin do thraidisiún na foilsitheoireachta, is dóigh liom. ‘Sea, tá nósanna léitheoireachta ag athrú ach b’fhearr i bhfad an t-earra álainn seo de leabhar a thabhairt mar bhronntanas ná an téacs a íoslódáil.” — Pól Ó muirí, Tuairisc.ie

“Tá a fhios agam anois cén fáth a bhfuil sé ina chlasaic … Éacht.” — Ciara Ní Éanacháin, Cúla4 TG4

Foghlaí Mara!

Oileán an Órchiste: Leabhar na Míosa

Léigh sliocht as an leabhar

Léigh léirmheas le Pól Ó Muirí ar Tuairisc.ie