1 Item

Scéal Ghearóid Iarla

Máire Mhac an tSaoi

16.00

Scéal Ghearóid iarla; 120 lch; clúdach crua;  978-1-911363-43-9

Tá an leabhar seo ar fáil ar Kindle

Taoiseach Normannach, file Gaelach, agus leasrí Shasana in Éirinn ab ea Gearóid Iarla, mar a thug na Gaeil ar Ghearóid Mac Gearailt, 3ú hIarla Dheasumhan. Leath a thiarnas ó ché Phort Lairge anoir trí chontaetha Chorcaí, Luimnigh, agus Chiarraí, agus siar chomh fada le Caisleán na Mainge. In ainneoinn a chumhachta, cuimhnítear fós ar Ghearóid Iarla mar fhile a thug gean do na mná, agus mar sheandraoi.

‘Na 10 Leabhar is Fearr ó Chasadh an Chéid’

Bhuaigh Scéal Ghearóid Iarla Gradam Uí Shúilleabháin ‘Leabhar na Bliana’ in 2011 agus tá sí ainmnithe ag Comhar mar cheann de ‘na deich leabhar is fear ó chasadh an chéid’.

“Éiríonn le Máire Mhac an tSaoi an cúlra staire a shníomh isteach san úrscéal ar bhealach an-chaolchúiseach.” — Meidhbhín Ní Úrdail, Comhluadar na Leabhar, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tá sí ina Máistir go hIomlán ar an gCeird

“Léiriú ar mhianta, ar bhriseadh croí, ar fhulaingt, ar dhaonnacht mhóruaisle agus ghnáthdhaoine. Sin bua Mháire Mhac an tSaoi, bua na samhlaíochta…. Tá sí ina máistir go hiomlán ar an gceird.” —Tadhg Ó Dúshláine, Comhluadar na Leabhar, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Daonnacht agus Grinneas agus Dea-Stíl

“Mac an tSaoi has not only written a beautiful and natural ode to a forgotten era of Irish life, an ode characterised by its humanity and poetic language but she has also usurped some of the more recent traditions that circumscribed the image or representation of Gearóid Iarla.” — Micheál Ó hAodha, Dublin Review of Books

“Is seoid drithleach atá sa leabhar seo. Tá cur síos ann atá chomh beo, chomh braiteach, chomh lán de chroí is de nádúr, le haon rud atá léite agam le fada an lá, in aon teanga. Is fada ó bhraith mé chomh gar do shuíomh agus do phearsana staire. Anuas air sin tá giotaí comhrá agus cainte ann atá chomh blasta sin nach bhfuil aon tsamhail agam orthu ach mar a bheadh gráinní salainn ar an lus súgach, a bhaineann geit phléisiúrtha asat agus a chuireann fonn ort a thuilleadh a bhlaiseadh. Tá daonnacht agus grinneas agus dea-stíl scríbhneoireachta sa leabhar seo chomh maith le haon rud atá scríofa.” — Liam Mac Cóil

Léigh sliocht as Scéal Ghearóid Iarla

Léigh léirmheas ar an leabhar in The Dublin Review of Books