Bodach an Chóta Lachna

Máiréad Ní Ghráda

Bodach an Chóta Lachna; 64 lch; clúdach crua; 978-1-913814-84-7

Ar fáil: Nollaig 2025

Athchóiriú máistriúil

Athinsint bhreá do dhaoine óga atá sa leagan seo den seanscéal fiannaíochta, Bodach an Chóta Lachna, agus é athchóirithe go máistriúil ag Máiréad Ní Ghráda.

Cíos le gearradh ar Éirinn

I mBinn Éadair a thosaíonn an scéal, nuair a fheiceann Fionn mac Cumhaill bád ag teacht i dtír. Léimeann gaiscíoch mór láidir as an mbád agus bagraíonn sé cíos a ghearradh ar Éirinn mura mbuafadh duine díobh air i rás reatha. Bhí laochra na Féinne i dTeamhair ag an am, agus ní raibh a fhios ag Fionn cá bhfaigheadh sé duine a rithfeadh rás dó. Leis sin, tagann bodach mór buí chuige agus a chóta fada lachna anuas go talamh ina dhiaidh. ‘Rithfidh mise ina aghaidh duit,’ a dúirt Bodach an Chóta Lachna, agus is mar sin a thosaíonn an scéal.

Prós álainn fileata

Ó thús deireadh, tá an prós álainn agus fileata, mar is dual do Mháiréad Ní Ghráda é, agus an scéal scéal go breá soléite.

Leabhar Breac
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.