Your cart is currently empty!
Eoghan Béal
Seo é scéal Eoghain Bhéil, Rí Chonnacht. Ar leaba a bháis dó, tar éis Chath Shligigh, d’ordaigh sé go gcuirfí ina sheasamh sa talamh é, a aghaidh leis na hUltaigh agus a shleá ina láimh.
Agus scéal Cheallaigh, Easpag Chill Ala, fear a thug dúshlán Rí Chonnacht agus a d’fhulaing mairtíreacht bhrúidiúil dá thoradh sin.
Agus na Ceithre Mhaol. Ceathrar daltaí a bhí ag Ceallach Easpag. Gealladh saibhreas dóibh agus bronnadh ceithre chlaíomh orthu le Ceallach a mharú, agus d’fhulaingíodar bás uafásach dá thoradh.
Athinsint le Darach Ó Scolaí ar an seanscéal Cathréim Cheallaigh. Ealaín le Alé Mercado. Ar fáil i bhfómhar na bliana 2025.