An Cláirseoir
€16.00
An Cláirseoir: clúdach bog; ISBN 978-1-913814-79-3
Léigh sliocht as An Cláirseoir
In earrach na bliana 1169, bhí buíon Normannach sa Bhreatain Bheag ag ullmhú loingis chun farraige: Mac Gearailt, de Barra, Fitz Martin, de Courcy, Prendergast, Fitz Gibbon, agus tuilleadh nach iad. Roimh dheireadh na bliana bheadh Cúige Laighean faoi smacht acu. An bhliain dár gcionn, bheadh Baile Átha Cliath ina seilbh chomh maith. Ba ghearr go gcuirfidís claochló ar shaol na tíre ó Loch Garman go Caisleán an Bharraigh, agus ó Phort Láirge go Baile an Fheirtéaraigh
Tá na Normannaigh chugainn!
Ach céard ba chúis leis an ionradh? Céard a thug ar na Normannaigh a bhfearann féin a thréigean i ndeisceart na Breataine agus a dhul i bhfiontar agus i gcontúirt thar sáile?
Ár scéal féin!
San úrscéal seo, cuireann Diarmuid Johnson imeachtaí na Normannach agus na mBreatnach roimh an ionradh cinniúnach inár láthair. Insítear a scéal dúinn: scéal Ghearailt de Windsor agus a thriall go Duibhlinn; an chomhcheilg in aghaidh Anraí I Rí Shasana; an pósadh leis an mbanphrionsa Nest; Muiris mac Gearailt agus an trunca a bhí líonta le hór; an cor sa chinniúint agus an t-éalú thar toinn.
Scéal trí chine atá anseo: scéal na nGael, na Normannach, agus na mBreatnach. Ár scéal féin.
“Tá buaic nua ag traidisiún liteartha na Gaeilge”
“Idir mháistreacht na teanga, athbheochan sheanstíleanna inste, chruthaitheacht na físe agus stiúir an údair ar gach gné den phlota, tá gaisce déanta ag an scríbhneoir bisiúil seo. Tá buaic nua ag traidisiún liteartha na Gaeilge.” —An tOllamh Máire Ní Annracháin, Comhar
Leabhair eile a thaitneodh leat?
-

Conamara agus Tíortha Eile
Diarmuid Johnson€18.00Idir 2015 agus 2025 a cumadh an fhilíocht atá sa díolaim seo. Tá dánta inti i sé cinn de theangacha. Is tír ar leith gach teanga de na...
Cuir sa Chiseán -

Seacht dTír Seacht dTeanga
Diarmuid Johnson€15.00Seacht dTír Seacht dTeanga: leabhar taistil, leabhar teangacha, leabhar amhrán agus ceoil, leabhar ilghnéitheach bríomhar faoi dhaoine a casadh don údar ar a sheachrán dó ar fud na...
Cuir sa Chiseán -

Conaire Mór
Diarmuid Johnson€16.00Conaire Mór: athinsint bhríomhar ar an eipic Sean-Ghaeilge Togail Bruidne Da Derga — sceal a thosaíonn le rí á ghairmeadh de Chonaire agus a chríochnaíonn lena mharú brúidiúil...
Cuir sa Chiseán -

Ceallach
Diarmuid Johnson€16.00Ceallach: Os cionn míle ceithre chéad bliain ó shin, thug buíon manach as Éirinn aghaidh ar mhór-roinn na hEorpa chun an creideamh Críostaí a leathadh ar na págánaigh....
Cuir sa Chiseán
