Bódléar

Darach Ó Scolaí

18.00

Bódléar: 136 lch; clúdach crua 978-1-913814-65-6

Duais an Oireachtais 2024
Gradam Uí Shúilleabháin 2025
Gradam ‘An Post’ 2025

I mbaile beag ar an gcósta thiar, gach samhradh, cumann an máistir scoile dán ar son mhuintir an bhaile agus tugann leis ó dheas chuig Cúirt Mhór na bhFilí i gCúige Mumhan é. Tar éis na cúirte, tugann sé dánta is amhráin nua na bhfilí Muimhneacha abhaile leis. Bíonn muintir an bhaile ag súil go mór leis na hamhráin nua, agus reachtálann siad oíche mhór le fáilte abhaile a chur roimhe.

“Na Filí Mallaithe

I mbliana, tá Bódléar tagtha aneas agus cantal air. As seo seo amach, cumfaidh sé “filíocht nua,” a deir sé, “filíocht níos fírinní!” Ach nuair a chloiseann muintir an bhaile na dánta nua  “gan cheol gan rithim”, tagann uafás agus alltacht orthu. An sagart féin, fógraíonn sé na ‘filí mallaithe’ ón altóir.

Ceiliúradh ar an ngaol speisialta a bhí againn leis an bhFrainc

Úrscéal é seo a phléann leis an athrú a bhí ag teacht ar shaol agus ar chultúr na tuaithe ar fud na hEorpa san 19ú haois. Ceiliúradh freisin é ar dhomhan na bhfilí Muimhneacha agus ar an ngaol speisialta a bhí againn leis an bhFrainc.

Bhuaigh an leabhar seo Duais an Oireachtais 2024 agus Gradam Uí Shúilleabháin ‘Leabhar na Bliana’ 2025

“Gach caibidil níos pléisiúrtha ná a chéile

“Nóibhille cruthaitheach samhlaíoch a thugann an léitheoir siar go dtí Éire Ghaelach na hochtú haoise déag agus a bhaineann macalla ní hamháin as filíocht Ghaeilge na tréimhse sin, ach as úrscéalta clasaiceacha na fichiú aoise chomh maith. Tá an teanga fíorálainn saibhir agus gluaiseann an scéal ar aghaidh ina chaibidlí gearra gonta, gach ceann acu níos pléisiúrtha ná a chéile. Áireofar Bódléar mar chlasaic den seánra, ní amach anso, ach láithreach bonn. — Breandán Ó Cróinín

“Saothar greanta míorúilteach

“Bíodh Bódléar le d’ais más dea-chaint, dea-Ghaeilge is greann atá uait … Ní tharraingeodh Paul Henry féin an Baile Beag leath chomh spéiriúil ná chomh grinn agus a dhéanann Darach Ó Scolaí ar an gcéad leathanach den leabhar seo.” — Máire Ní Fhinneadha, Tuairisc.ie

“Saothar greanta míorúilteach é seo ina ndéantar pósadh álainn idir Éire agus an Fhrainc, idir an fhírinne bhuan agus an stair ghiongach.” — Aifric Mac Aodha

“Mar a bheadh stiúrthóir ar cheolfhoireann, cóiríonn údair an scéil álainn aoibhinn seo a chuid carachtar. Nochtann siad agus labhrann siad ag an nóiméad cuí, deirid a bhfuil ag teastáil le rá i mbeagán focal. Léiríonn siad le leide a bhfuil le léiriú agus cuirtear pobal agus a gceangal le chéile inár láthair le sonc uillinne, leathchogar agus stéibheanna amhrán … Duine a léigh an-chuid leabhar a scríobh an t-úrscéal simplí álainn seo. Tá draíocht agus ceardaíocht ann. Míorúilt bheag de leabhar agus moltar go hard é.” — Dr Róisín Ní Ghairbhí, An tOireachtas

“What a gem!

“Bódléar agus é ag smaoineamh ar dheireadh ré na bhfilí, rud a bhí chomh tábhachtach sin i stair na Gaeilge … Léifidh tú é, feicfidh tú rud ann, gabhfaidh tú ar ais, tá rud eile ann. Tá sé chomh tábhachtach mar léargas orainne,” — Máire Ní Fhinneadha, Tuairisc ó Bhéal

“What a gem! An affectionately gentle satire of the Irish poetic scene during one creatively fluid 19th-century year, the story focuses on a Maigue poet and schoolteacher who goes on a trip to France and returns with camembert, a cafetiere, ‘Fleurs du Mal’, and a mission to convert the local traditionalists to la modernité. Whimsical, hilarious, and subtly learned, it’s absolutely delightful!” — Éilis Ní Dhuibhne, The Irish Times

“Mealltach agus cumhachtach

“Mealltach agus cumhachtach,” a deir Áine Ní Ghlinn ar Tús Áite. “Tá léargas ann ar an saol atá ag athrú, agus meafair ar athruithe eile … Tá saibhreas álainn ag baint le gach gné den leabhar, an teanga féin, an struchtúr, an insint. Ní chuireann Darach Ó Scolaí focal amú … scéal den scoth é seo.” “An-leabhar go deo é seo, tá sé éagsúil, tá sé gairid, tá sé greannmhar, tá sé cliste …. Thaitin sé go mór liom!” — Eoin P. Ó Murchú Éist le léirmheas Eoin P. Uí Mhurchú ar YouTube:

“Saothar spraíúil, uaillmhianach, greannmhar

“Tógann Ó Scolaí droichead idir ár dtraidisiún féin agus forbairtí intleachtúla na hEorpa, agus cuireann sé an Ghaeilge i mbun plé leis na mórthraidisiúin liteartha sin ar bhealach léannta oscailte …. Saothar spraíúil, uaillmhianach, greannmhar …. Comédie Humaine ar scála beag atá anseo a bhfuil beocht agus éagsúlacht insinte i gcroílár an tsaothair.” — Pádraig Ó Liatháin, Comhar

“Stíl álainn phróis atá ann agus saibhreas teangan leis. Bhí orm an foclóir a cheadú babhtaí ach níor mhill sé sin an scéal orm in aon chor – bhog an t-aicsean ar aghaidh go bríomhar agus bhíos tumtha ann. Bua iontach atá ag an údar dar liom ná an tslí gur féidir leis íomhá gléineach do shuíomh an scéil a chruthú don léitheoir. Bhraitheas go raibh gach conair agus cloch sa Bhaile Beag ar eolas agam. Ana-leabhar!” ***** — Hanna Ní Lochnáin, leirmheas.com

“Aoir ar mhórchúis, ar mhustar, ar éileamh thairis mar is ceart. Go deimhin, is féidir a rá gur dánaíocht ar an bhfírinne (pé í féin) atá san úrscéal greanta snoite domhainéadrom seo.” — Alan Titley, ‘Scéal’ The Irish Times

“Nóibhille eisceachtúil

Deir cathaoirleach phainéal moltóireachta Gradam An Post 2025: “Cuireann Bódléar fuil agus cnámha ar lucht litríochta an naoú haois déag, dream a choinnigh lasair leis an lóchrann a fuaireadar le hoidhreacht ó leithéid Dháibhí Uí Bhruadair. Cuireann an nóibhille eisceachtúil seo friotal deisbhéalach ar an tréimhse inar tháinig forbairtí eile fós ar fhilíocht na Gaeilge. Dearbhaíonn Darach Ó Scolaí nach dtiocfaidh deireadh le hÉigse go brách an fhad is a bheidh clanna Gael ag saothrú an phinn.”

“A beautiful style of prose with an unrivalled richness of language

“From the very first line, readers are immersed in the most vivid setting of a fictional village in the west of Ireland “crochta idir sliabh agus cladach” (hung between mountain and shore). The writing is poetic both in content and style and the painting of this rural village is stunning throughout: “trí bhuille sciatháin ó mhullach sléibhe go híochtar trá’ (three wing beats from the top of the mountain to the bottom of the beach). Ó Scolaí has a beautiful style of prose with an unrivalled richness of language. The village is living and breathing, almost like another character in the book …. The characterisation is exceptional, not only from witty and revealing conversations, but from the specific vocabulary and terminology to describe particular character.” Úna Nic Cárthaigh, Books Ireland

Éist leis an léirmheas ar ‘Tús Áite’ RTÉ Raidió na Gaeltachta:

Léigh léirmheas Alan Titley in The Irish Times.

Léigh léirmheas Éilis Ní Dhuibhne in The Irish Times

Léigh léirmheas Máire Ní Fhinneadha ar Tuairisc.ie

Read the review in Books Ireland Magazine

Léigh léirmheas ar Tuairisc.ie

Éist leis an bpodchraoladh: Tuairisc ó Bhéal

Léigh tuairisc an Dr Róisín Ní Ghairbhí

Léigh sliocht as an úrscéal

Éist le sliocht á léamh ag an údar.

Leabhar Breac
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.