1 Item

Cath Fionntrá

Pádraig Ó Siochfhradha

18.00

Cath Fionntrá:160 lch; clúdach crua; 978-1-913814-26-7

Nuair a bhíonn an uile thír faoina smacht ag Dáire Donn, Rí an Domhain, ach Éire amháin, cloiseann sé go bhfuil cúis ag Rí na Fraince ar Fhionn mac Cumhaill – i dtaobh gur thug a bhean agus a iníon grá d’Fhionn agus gur éalaíodar go hÉirinn leis – agus tapaíonn sé an deis chun cabhlach ollmhór a bhailiú le chéile chun ionradh a dhéanamh ar Éirinn.

Mura bhfaighe siad cúnamh beidh thiar orainn uile!

Tagann na sluaite i dtír i bhFionntrá i gCiarraí agus, cé go seasann Fionn agus an Fhiann an fód go láidir in aghaidh na n-allúrach, mura bhfaighe siad cúnamh, beidh thiar orainn uile…

Athinsint i nGaeilge na hAimsire Seo

Ceann de mhórscéalta na Fiannaíochta é Cath Fionntrá. I lámhscríbhinn ón 15ú haois a caomhnaítear an leagan is sine, leagan sa Nua-Ghaeilge Mhoch a bunaíodh ar ábhair níos sine fós. In 1911, a foilsíodh an t-eagrán seo a chéad uair, “aith-innsint ar an seinsgéal as Gaedhilg na haimsire seo”, mar an bhí sa chur síos air sa chéad eagrán. An Seabhac nó Pádraig Ó Siochfhradha an t-údar, duine de na daoine ab ildánaí i stair na hAthbheochana.

Iarfhocal Nua leis an gCróiníneach

Is é an Dr Breandán Ó Cróinín a chur an t-eagrán nua seo in oiriúint do léitheoirí ár linne, agus a scríobh an t-iarfhocal cuimsitheach a dhéanann cur síos ar an mbunscéal agus ar eagrán an tSeabhaic.

“That telling is done in simple, flowing, eloguent, modern Irish, and while it keeps a little to the style of the seanchaidhe, it is neither florid nor verbose, but a vivid, simple and picturesqe narrative throughout.” — Earnán de Siúnta ‘An Buachaillín Buidhe’, An Claidheamh Solais, Nollaig 1911

“Is leabhar álainn é. Tá cuma aoibhinn, aoibhinn air … Ba cheart do ‘na haon duine anseo i gCorca Dhuibhne an leabhar a cheannach.” — Helen Ní Shé, An Saol ó Dheas, RTÉ Raidió na Gaeltachta

“Cath Fionntrá is one of the great tales of the Fenian cycle. Tales of war and warriors in the distant past may not be to everyone’s taste—but if you enjoy the gems of our older literature, this will become another volume to treasure.”  — Cathal Poirtéir, Books Ireland

Léigh an léirmheas in Books Ireland

Tabhair cluais don agallamh le Helen Ní Shé ar An Saol ó Dheas