Ceas an Chait
€18.00
Ceas an Chait: 60 lch; clúdach crua; ISBN 978-1-913814-31-1
Greann agus spraoi
Naoi mbeatha (agus naoi mbás) atá ag an gcat, de réir an traidisiúin, agus is naoi gcaibidil ghearra agus clabhsúr atá sa phictiúrleabhar álainn gleoite seo; naoi n-eachtra chinniúnacha i saol an chait, agus gach aon eachtra acu níos greannmhara agus níos spraíúla ná a chéile.
Stíl ghonta agus saibhreas breá teanga
Suite i suíomh tuaithe den chuid is mó, tá stíl ghonta sa phrós ach saibhreas breá teanga mar sin féin sna habairtí gearra. Saibhreas cainte agus scríbhneoireachta é sin a chuaigh i bhfeidhm ar dhuine de mholtóirí Chomórtas Litríochta an Oireachtais a dúirt: “Is fada ó léas scríbhneoireacht atá chomh maith leis seo. Tá sé ar fheabhas ar fad .… Ba chóir an leabhar seo a fhoilsiú gan mhoill ionas go mbeadh sé ina lámhleabhar ag gach ábhar scríbhneora.”
Léaráidí breátha a thugann léargas breise ar an bhfocal scríofa
Mar chlabhsúr ar na scéalta, tá píosa véarsaíochta i dtraidisiún an amhráin. Agus mura bhfuil ár sáth-dhóthain ansin, tá léaráidí breátha ar fud an leabhair a thugann léargas breise ealaíontóra físe ar an bhfocal scríofa.
Ghnóthaigh bunleagan an tsaothair seo duais ag Comórtas Liteartha Oireachtas na Gaeilge 2011.
“Údar aoibhnis”
“Údar aoibhnis dom an mhuinín atá aige as a theanga féin, ise agus eisean inniúil ar chuile ghné den saol catúil seo a léiriú gan an siolla fhéin ar sliobarna agus na glúnta d’eagna is seanchas a chine a fhuint in aon saothar snoite amháin.” — Máire Ní Fhinneadha, Tuairisc.ie
Léigh an léirmheas ar Tuairisc.ie
Is sa Spidéal i gContae na Gaillimhe a tógadh Labhrás Finneadha, a bhfuil cónaí faoi láthair air ar Mhór-Roinn na hEorpa. Seo é an tríú foilseachán óna pheann, agus an dara cnuasach scéalta atá foilsithe aige.
Foilsíodh Asarlaíocht, Gorta agus Teamplóirí in 2013, agus sa bhliain 2015, foilsíodh a chéad leabhar gearrscéalta, Íbíotsa, a léiríonn eachtraí beaga an tsaoil i sochaí cheilte an oileáin.

Leabhair eile a thaitneodh leat?
-

Bláthnaid
Darach Ó Scolaí€18.00Bláthnaid: Tá scéal Bhláthnaide ar cheann de scéalta móra na Rúraíochta. Is ann atá cur síos ar Chú Raoi, rí Dheasumhan agus ard-asarlaí Éireann, agus ar an gcaoi...
Cuir sa Chiseán -

Sadhbh
Darach Ó Scolaí€18.00Tá Sadhbh ar cheann de na scéalta is breáithe atá againn ón tseanlitríocht. Athinsint atá sa phictiúrleabhar seo do léitheoirí fásta ar an seanscéal Ceasacht Iníon Ghuile, scéal...
Cuir sa Chiseán -

Seacht dTír Seacht dTeanga
Diarmuid Johnson€15.00Seacht dTír Seacht dTeanga: leabhar taistil, leabhar teangacha, leabhar amhrán agus ceoil, leabhar ilghnéitheach bríomhar faoi dhaoine a casadh don údar ar a sheachrán dó ar fud na...
Cuir sa Chiseán -

Eoghan Béal
Darach Ó Scolaí€18.00Seo é scéal Eoghain Béal Rí Chonnacht, a d'ordaigh, agus é ar leaba a bháis tar éis Chath Shligigh, go gcuirfí ina shesamh sa talamh é, a aghaidh...
Cuir sa Chiseán
