Your cart is currently empty!
Fiche
Original price was: €16.00.€14.40Current price is: €14.40.
Fiche: 200 lch; clúdach bog; 978-1-913814-64-9
Le réamhordú ar lascaine speisialta roimh an 08 Samhain 2024
Samhradh na bliana 1969, tugtar triúr ógánach le chéile ar thránna iarthar Chorcaí, triúr a n-athraítear a saol ó bhonn nuair a thagann an ceathrú duine ina measc, garmhac an Ghinearáil. Deich mbliana níos deireanaí a thagann deireadh leis an scéal, agus an Ginearál ar leaba a bháis. Scéal grá agus tragóid é seo a suitear i saol atá comhthreomhar, ach nach bhfuil ródhifriúil, le saol ár linne féin.
Úrscéalaí sciliúil mealltach
“Tá úrscéalaí sciliúil anseo, a thuigeann conas fiosracht a mhúscailt agus léitheoir a mhealladh isteach i scéal … Ón gcéad radharc táimid gafa ag scéal a nochtann de réir a chéile – Eíre faoi dhaorsmacht agus domhan coimhthíoch ann a n-éiríonn leis, mar sin féin, an léitheoir a mhealladh go hiomlán toisc a fheabhas agus a dhéanann an scríbhneoir ionramháil ar charachtair agus ar dheiseanna na húrscéalaíochta.” —Róisín Ní Ghairbhí
Scéal grá suite in Éirinn atá beagán difriúil
“Scéal breá é seo, scéal grá agus caidrimh, suite in Éirinn atá beagán difriúil ón tír a bhfuil taithí againn uirthi.” —Liam Mac Cóil
I gCorcaigh atá cónaí ar Cholm Ó Ceallacháin. Dhá chnuasach gearrscéalta leis atá i gcló, I dTír Mhilis na mBeo (2017) — saothar a bhain gearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin amach — agus Ré na bhFathach (2021). Tá duaiseanna Oireachtais buaite aige, chomh maith le dámhachtainí ón gComhairle Ealaíon. Is é Fiche an chéad úrscéal óna pheann.
Leabhair eile a thaitneodh leat?
-
-33%
Siúrmó
Jean-Claude IzzoOriginal price was: €15.00.€10.05Current price is: €10.05.Bréan den chaimiléireacht agus den chiníochas, tugann Fabio Montale a chúl leis na póilíní agus socraíonn síos leis an saol simplí a chaitheamh faoi sheanrithimí an bhaile —...
Cuir sa Chiseán -
-33%
Ré na bhFathach
Colm Ó CeallacháinOriginal price was: €15.00.€10.05Current price is: €10.05.Ré na bhFathach, cuasach a chaitheann súil ar chruachás an duine agus é i ngleic le fírinní éagsúla an tsaoil — agus leis na bréaga. Ón am i...
Cuir sa Chiseán -
-33%
Filleann Seoirse
Eilís Ní AnluainOriginal price was: €15.00.€10.05Current price is: €10.05.Filleann Seoirse: Úrscéal tuisceanach liriciúil liteartha suite i mbaile cois farraige in Éirinn na linne seo. Bean óg, Lís, a insíonn mar a athraíonn a saol lena fear...
Cuir sa Chiseán -
-33%
Súil le Breith
Pádraig StandúnOriginal price was: €9.00.€6.03Current price is: €6.03.Úrscéal a tharraing caint nuair a foilsíodh ar dtús é i 1983, agus é ar ais i gcló anois tar éis 15 bliana. Sagart paróiste ar oileán Gaeltachta...
Cuir sa Chiseán