Léann 6

Cumann Léann na Litríochta

20.00

Léann 6: 120 lch; clúd. bog; 978-1-913814-15-1

Iris phiarmheasta í Léann a fhoilsíonn idir ábhar acadúil agus thaighde bunaidh d’ardchaighdeán. Cuimsíonn Léann 6 taighde ar fhilíocht, ar dhrámaíocht agus ar ghearrscéalaíocht na Gaeilge.

Mionanailís ar Ghearrscéalta Mháiréad Ní Ghráda

San eagrán seo, déantar mionscrúdú ar chaoineadh a cumadh in ómós an Bhanphrionsa Gwendoline Talbot Borghese (1817-1840); déantar iniúchadh ar an gcnuasach gearrscéalta An Bheirt Dearbhráthar agus Scéalta Eile (1939) le Máiréad Ní Ghráda agus tógtar ceisteanna faoi na nithe a fhágtar ar lár ó scéal oifigiúil Chogadh na Saoirse,

Michael Davitt agus 9/11

Ag tarraingt ar shaothar Mhichael Davitt agus Chathail Uí Shearcaigh, déantar mionanailís ar léiriú 9/11 agus an chogaidh in aghaidh na sceimhlitheoireachta i bhfilíocht na Gaeilge; agus cuirtear an drámaíocht aistrithe faoin spotsolas trí tharraingt ar chreatlach anailíse idirnáisiúnta le cás na Gaeilge agus teangacha eile a fhiosrú.
Comhfhiontar é Léann 6 idir Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus Ollscoil Luimnigh. Is iad Cumann Léann na Litríochta a chuireann an iris in eagar.