Sadhbh

Darach Ó Scolaí

18.00

Sadhbh: 80 lch; clúdach crua; ISBN 978-1-913814-57-1

An bhean óg a fhaigheann an ceann is fearr ar na fir

Scéal cliste greannmhar atá sa phictiúrleabhar seo do léitheoirí fásta faoi bhean óg a sheasann an fód in aghaidh na bhfear — agus in aghaidh Rí Mumhan ach go háirithe. Athinsint atá ann ar cheann de na scéalta is breátha dá bhfuil againn sa tseanlitríocht, Ceasacht Iníon Ghuile.

Leabhar raibiléiseach grinn

Díol suntais an scéal mar go bhfuil príomhpháirt ann ag pearsa de chuid na staire, Féilimí mac Criomhthainn Rí Mumhan (+847). Is i bpáirt an rí ghaoismhear chríonna atá Féilimí agus is í Sadhbh an bhean óg a thugann a dhúshláin agus a fhaigheann beannú an rí i ndeireadh an scéil.

Ealaín iontach Alé Mercado

Ní hé amháin go bhfaigheann Sadhbh an ceann is fearr ar an seanrí, ach faigheann sí an ceann is fearr freisin ar na fir a dhéanfadh beag di, rud a léirítear i radharc raibiléiseach i dtús an scéil.

Is é Darach Ó Scolaí a scríobh an leagan nua seo den scéal, agus is é an t-ealaíontóir Alé Mercado (Eoghan Béal, 2026) a rinne na pictiúir iontacha atá ina maisiú ar an leabhar.

“Pictiúrleabhar don duine fásta”

“Pictiúrleabhar don duine fásta é Sadhbh, ceann eile sa tsraith thaibhseach seo dár seanscéalta nua-chóirithe ó Leabhar Breac le leagan le d’ais leis an bpéire eile Deirdre agus Bláthnaid. Mar bharr ar na tíolacthaí eile uilig cloisim go bhfuil péire eile á ngor ag Darach Ó Scolaí ó Leabhar Breac dúinn. Go bhfága Dia againn é!” — MNáire Ní Fhinneadha, Tuairisc.ie

Áine Ní Ghlinn ar Tús Áite RTÉ Raidió na Gaeltachta, “Tá na léaráidí sa leabhar seo dochreidte! … tá filíocht agus ceol i ngach uile shiolla.”

“Leabhairín gleoite …. tá an scéal go hiontach, thar a bheith fileata. Tá spraoi ann, agus an-ghreann!” Eoin P. Ó Murchú, YouTube

‘Leabhar na Míosa’ RTÉ Raidió na Gaeltachta

Éist le cur síos ar an leabhar ar Tús Áite

Léigh an léirmheas le Máire Ní Fhinneadha ar Tuairisc.ie

Léigh an t-agallamh leis an údar ar shuíomh RTÉ

Sadhbh: Leabhar na Míosa RTÉ

Pictiúr as an leabhar Sadhbh, an illustration from the book Sadhbh

Leabhar Breac
Privacy Overview

This website uses cookies so that we can provide you with the best user experience possible. Cookie information is stored in your browser and performs functions such as recognising you when you return to our website and helping our team to understand which sections of the website you find most interesting and useful.