Your cart is currently empty!
Saighdiúir
€12.00
Saighdiúir: 312 lch; bog; 978-1-913814-35-9
Faoi thailm na bpléascán agus chnagarnach bhuan na ngunnaí móra, faighimid radharc scanrúil ar an chogadh trí shúile an fhir óig seo as Gaeltacht Chloich Chionnaola, agus é féin agus a chomhaoisigh á gcur thar an mhullach isteach sa chath, gás nimhe ag scalladh na scamhóga astu, agus an fód á dheargadh lena gcuid fola.
Saothar Ceannródaíoch agus Úrscéal Cumhachtach Frithchogaidh
In ainneoin na mílte Éireannach a thit i gcogadh mór 1914-1918, is beag trácht orthu i litríocht na Gaeilge. Seo é an chéad úrscéal sa teanga a insíonn a scéal. Ní hé amháin gur saothar ceannródaíoch é Saighdiúir ach is úrscéal cumhachtach frithchogaidh é, agus é tugtha chun solais go húr beo máistriúil ag Cathal Ó Searcaigh.
An Stíl Ghlansnoite Phróis a Chleacht Muintir Ghrianna Roimhe
Le breis agus daichead bliain tá a mharc searcúil féin á chur ar an mórfhile Conallach seo ar litríocht na Gaeilge. Ní heisceacht ar bith an saothar nua seo, an stíl ghlansnoite chéanna phróis a chleacht muintir Ghrianna roimhe curtha os ár gcomhair arís go fuinte fileata ag Ó Searcaigh, cúram an fhile tugtha aige do chaint na coitiantachta. Tá oighre faighte acu i dtaca le máistreacht teanga.
Úrscéal Mór Gaeilge an Chogaidh Mhóir
Tógfaidh an leabhar seo, Saighdiúir, a háit ar an tseilf in éineacht le húrscéalta Erich Maria Remarque agus Jaroslav Hašek, agus níl aon amhras ach gurb é úrscéal mór Gaeilge an Chogaidh Mhóir é. Faoi scáth an Earagail i nGaeltacht Chloich Chionnaola atá cónaí ar Chathal Ó Searcaigh, duine de phríomhfhilí na Gaeilge. Ar na leabhair is deireanaí uaidh tá Errigal: Sacred Mountain, Teach an Gheafta, agus An Bhé Ghlas. Bhronn Ollscoil na hÉireann céim oinigh air sa bhliain 2000 agus bronnadh The Ireland Literary Award air i 2007. Bhuaigh sé an Irish Times Literature Prize i 2001. Tá sé ina bhall d’Aos Dána.
Leabhair eile a thaitneodh leat?
- -25%
Fontenoy
Liam Mac Cóil€13.50Fontenoy: In Chartres na Fraince fuarthas leathanaigh chlóbhuailte ón 18ú haois, agus tagairt d’údar mistéireach na bprofaí seo, an Captaen Seán Ó Raghallaigh. Ábhar an leabhair: Tuarasgbháil ar...
Cuir sa Chiseán - -25%
Hula Hul
Seán Mac Mathúna€9.00Ciarraí, 1923. Ar bharr an choma thuas chas sé agus d'fhéach sé thar n-ais. Bhí sí fós ann, le hais an tobair, is a buicéidín aici is í...
Cuir sa Chiseán - -50%
An Bhé Ghlas
Cathal Ó Searcaigh€6.00I gcnuasach nua seo Uí Shearcaigh, tá a réim radhairc agus a raon tuisceana níos leithne ná riamh; an domhan sofheicthe agus an domhan dofheicthe á dtabhairt le...
Cuir sa Chiseán - -25%
Filleann Seoirse
Eilís Ní Anluain€11.25Filleann Seoirse: Úrscéal tuisceanach liriciúil liteartha suite i mbaile cois farraige in Éirinn na linne seo. Bean óg, Lís, a insíonn mar a athraíonn a saol lena fear...
Cuir sa Chiseán